SEÁN MAC AINDREASA – CÚLRA

Seán Mac Aindreasa (1940 – 2018) Cúlra – cuntas gairid
B’amhránaí traidisiúnta de bhunadh Bhéal Feirste é Seán Mac Aindreasa. Duine umhal a bhí ar maos sa dúchas, gníomhaí teanga agus caomhnóir amhrán a bhí ann fosta. Bhí dlúthbhaint aige le gluaiseacht na Gaeilge agus le cur chun cinn na teanga i mBéal Feirste ó bhí na caogaidí ann, ar aghaidh.
Duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe a bhí i Seán, agus thóg seisean agus a bhean, Áine, a gclann féin i dtimpeallacht shaibhir na Gaeltachta nua uirbí sin, i measc gníomhaithe eile teanga a raibh an meon céanna acu. Agus an aisling sin á fíorú ag na ceannródaithe úd, bhí, fosta, ról lárnach ag Seán i mbunú na chéad bhunscoile lán-Ghaeilge sna sé chontae, Bunscoil Phobal Feirste sa bhliain 1971[1].
Rugadh Seán sa bhliain 1940 agus tógadh é in áit ar tugadh The Loney (An Lonnaí) mar ainm ceana air, ceantar de chuid íochtar na bhFál a bhí ann. Ba ar scoil a chuir sé suim sa Ghaeilge de chéad uair. Nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois, thosaigh sé ag freastal ar ranganna Gaeilge san oíche i gCumann Chluain Ard, den chuid is mó, agus diaidh ar ndiaidh, d’fhreastalódh sé ar choláistí samhraidh sa Gaeltacht achan bhliain.
Chaith Seán go leor ama i nGaeltacht Thír Chonaill ag éisteacht le hamhránaithe áitiúla agus ag forbairt chuid mhór nascanna ceoil ansin. D’éirigh sé féin agus a bhean, Áine, iontach mór leis an tseanchaí agus an file pobail, Seán Bán Mac Grianna. Tá tionchar agus rian na n-amhránaithe Conallacha le sonrú agus le cluinstin i stíl amhránaíochta Sheáin Mhic Aindreasa féin, go háirithe; Seán Bán, Aodh Ó Duibheannaigh, Micí Sheáin Néill Ó Baoill agus Neidí Frainc Mac Grianna. Lena gcois sin áfach, d’éistfeadh sé le hamhránaithe as achan chearn den tír, mar shampla; Seosamh Ó hÉanaigh, Nioclás Tóibín, Darach Ó Catháin, Liam Ághas, Pádraig Ó Cuill, agus Dara Bán Mac Donnchadha.
Ócáid mhór a bhíodh ann nuair a thugadh coiste Chumann Chluain Ard cuireadh do leithéidi Sheosamh Ó hÉanaigh agus Nioclás Tóibín a theacht go Béal Feirste le ceolchoirm a thabhairt, agus ba ghnách le Seán féin go leor scéaltaí fá eachtraí na gcuairteanna sin a athinsint dá chlann.
I dtaca le Bunscoil Phobal Feirste de, ghníomhaigh Seán go dícheallach ar son na scoile ó bhliain a bunaithe ar aghaidh, ag tabhairt a chuid tacaíochta fríd chrua-bhlianta an naimhdis pholaitiúil i leith na Gaeilge. Sa tréimhse úd sula raibh aitheantas oifigiúil tugtha ag an rialtas don scoil, chuidíodh sé le heagrú imeachtaí le hairgead a thiomsú ar a son. Bhí Seán agus Áine an-tiomanta don Ghaeilge agus don scoil, agus, caithfear a lua go raibh Áine ar dhuine de na chéad mhúinteoirí ar Bhunscoil Phobal Feirste.
Caomhnóir amhrán, gníomhaí teanga, teagascóir, fear pobail, agus Gael go smior a bhí i Seán. Deirtear go raibh sé ar dhuine de na Gaeilgeoirí ba líofa, nó ba chumasaí, i mBéal Feirste lena linn. Aithnítear é mar shaineolaí ar amhránaíocht dhúchasach na hÉireann, ach, fosta, mar dhuine nach raibh riamh mórtasach as na héachtaí a rinne sé féin.
Bhí sé de phribhléid againne a bheith in ann sraith de ranganna amhránaíochta Sheáin a chur ar fáil mar chuid de chlár fhéile Scoil Samhraidh Mhic Reachtain gach samhradh ar feadh roinnt blianta, ó bhí bliain a bunaithe ann in 2000, ar aghaidh. Ba ghlé linn ón tús gur bhain achan uile dhuine a bhí rannpháirteach iontu an-sult agus tairbhe astu, agus as cur chuige Sheáin agus a chuid saineolais ar amhráin go háirithe. Bíonn ranganna amhránaíochta lárnach san fhéile go fóill, agus mar chuid de chláir reatha ealaíona fosta, agus na ranganna siúd á dtabhairt le blianta beaga anuas ag leithéidí, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Irial Ó Ceallaigh, agus Bláithín Mhic Cana.
In 2020, d’ainmnigh Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ceann de chomórtais amhránaíochta Sheán-Nós na Fearsaide in ómós dó, Corn Cuimhneacháin Sheáin Mhic Aindreasa.
(Verena Commins 2011, a chuir in eagar in 2021).
[1] Go mall sna 1960í tháinig grúpa teaghlach, a raibh Gaeilge acu, le chéile chun Gaeltacht uirbeach a bhunú ar Bhóthar Seoighe. Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste i 1971 le 9 bpáiste. Cuireadh tús le naíscoil lán aimseartha in 1978 agus céim ollmhór a bhí ann i stair na scoile sa mhéid is go raibh teaghlaigh in inmhe páistí a chlárú sa Ghaelscolaíocht. Obair dheonach agus tiomsú airgid a choinnigh an scoil beo ar feadh na chéad trí bliana déag.(féach: https://www.bunscoilphobalfeirste.com/).
An Tionscadal
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a d’oibrigh i gcomhar le clann Sheáin Mhic Aindreasa chun bailiúchán amhrán agus ranganna amhránaíochta dá chuid, dá bhfuil ar taifead, a dhigitiú, a athmháistriú, agus a chur ar fáil don phobal i gcoitinne.
Bhí bailiúchán de sheanchaiséid faoi choimirce a chlainne féin, agus na seoda siúd lán de léirithe amhránaíochta, agus de ranganna amhránaíochta a thóg Seán é féin. Taifeadadh iad thiar ag tús na nóchaidí agus le linn na tréimhse sin, agus cuid eile acu i mblianta tosaigh na mílaoise nua. I measc na dtaifeadtaí sin, tá ranganna amhránaíochta a ghlac sé i nGlór na nGael i mBéal Feirste.
Bhí clann Sheáin ag iarraidh na taifeadtaí, na hamhráin, agus focail na n-amhrán a roinnt leis an phobal i gcoitinne, go mbeadh rochtain ag daoine eile orthu, go mbeadh siad in ann éisteacht leo agus a bheith ábalta amhráin dhúchasacha a fhoghlaim. Ba é sin an smaoineamh a bhí taobh thiar den tionscadal seo.
Buíochas
Is a bhuí le Clann Sheáin Mhic Aindreasa, gur den chéad uair riamh a bheas cuid de na hamhráin a cheol Seán, chomh maith le roinnt ranganna amhránaíochta a chuir sé ar siúl, le fáil ar aon suíomh amháin, mar aon le focail na n-amhrán. Tá muid faoi chomaoin acu as an réamhobair agus as an taighde ar fad a rinneadh roimh ré. Gabhann muid ár mbuíochas le: Conradh na Gaeilge, Comhairle Ealaíon Thuaisceart na hÉireann, Taisce Cheol Dúchais Éireann, agus le Cló Iar-Chonnacht as ucht na tacaíochta agus le RedBox Studios a thug faoi na taifeadtaí ar fad a athmháistriú.
Ba mhaith le clann Sheáin Mhic Aindreasa buíochas faoi leith a ghlacadh le Liz Curtis, a thug faoi ranganna Sheáin a thaifeadadh ar an chéad dul síos, agus a bhronn an bailiúchán téipeanna siúd orthu lena gcaomhnú agus le sult a bhaint astu.





