Home Seán Mac Aindreasa SAÍOCHT NA GAEILGE

SAÍOCHT NA GAEILGE

by eoin

SAÍOCHT NA GAEILGE

Scéal a Bheatha

Arna scríobh ag Verena Commins sa bhliain 2011

Is amhránaí traidisiúnta as Béal Feirste é Seán Mac Aindreasa a bhfuil dlúthbhaint aige le gluaiseacht na Gaeilge sa chathair sin ó na caogaidí go dtí an lá atá inniu ann.

Thog sé a chlann i nGaeltacht Bhóthar Seoigh agus bhí ról lárnach aige i mbunú Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sna sé chontae[1]. Ó thaobh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a theagasc, d’aithin sé go luath ina shaol an tábhacht a bhain leis na hamhráin ó thaobh saibhreas agus cruinneas teanga de.

Rugadh Seán in 1940 in áit darb ainm “The Loney” (An Lonnaí) ag íochtar Bhóthar na bhFál i lár Bhéal Feirste. Bhí a lán amhrán sa teach, ach is i mBéarla amháin a bhí siad uilig. Bhí suim ag a mháthair in amhráin de chuid John McCormick, Delia Murphy srl. agus is maith an guth a bhí aici. Bhí Gaeilge le léamh agus le scríobh ag a athair, ach níor labhair sé mórán Gaeilge agus cé go raibh focail a lán amhrán agus filíochta aige, dar le Seán bhí sé ceolbhodhar. Is ar scoil a thosaigh Seán ag foghlaim na Gaeilge ar dtús. Ón am a raibh sé trí bliana déag d’aois, thosaigh sé ag freastal ar ranganna Gaeilge san oíche in áiteanna éagsúla, ach i gCumann Chluain Ard[2] den chuid is mó.

Deir sé féin nach bhfuil cúlra mór ceoil aige, ach gur minic a chuala sé a mháthair ag gabháil amhrán. Bhí seanseinnteoir ceirníní ag a aintín (a bhí ina cónaí in aon sráid leo) agus a lán ceirníní ‘78 aici. Níor chuala siad sa teach ach na rudaí a bhí sna cairteacha san am sin ar BBC agus ar Raidió Éireann. Is cuimhin leis é féin agus duine dá chuid deirfiúracha ag ceol véarsaí as; The Foggy Dew, The Minstrel Boy, The Bold Fenian Men, O’Donnell Abú srl., chomh maith le leithéidí ceoltóirí móra an lae – Fats Domino, Bill Haley, Gerry Lee Lewis, Elvis Presley agus Lonnie Donnegan.

D’fhreastail sé ar Choláiste Samhraidh Ghaeltachta i Min a’ Chladaigh i dTír Chonaill ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ó bhí sé trí bliana déag d’aois. D’fhoghlaim sé cúpla amhrán ansin; Labhair an Teanga Ghaeilge Liom, Cruacha Glas’ na hÉireann agus Fáinne Geal an Lae. Is cuimhin leis go maith an bhliain ar fhág sé an scoil agus é sé bliana déag d’aois. Deireadh seachtaine an dara lá déag de mhí Iúil a bhí ann, nuair a chuaigh sé féin agus cara dá chuid ar cuairt go Mín a’ Chladaigh. Lá amháin agus iad ag siúl thar an Choláiste Samhraidh, chuala siad na daltaí istigh ag canadh amhráin agus baineadh stad agus siar as – níor chuala sé rud chomh maith leis riamh. Níos moille labhair sé le duine de na scoláirí a dúirt leis gurbh é an t-amhrán a chuala sé Coinleach Glas an Fhómhair agus gur Proinsias Ó Maonaigh an múinteoir. Nuair a d’fhill sé ar Bhéal Feirste chuaigh sé ar lorg an amhráin, fuair sé leagan amháin de i leabhar, ach d’aimsigh sé sa deireadh an leagan a bhí sé a lorg i gCumann Chluain Ard ó Thomás Ó Monacháin.

Le linn an ama chéanna (sna caogaidí agus sna seascaidí), bhíodh rang amhránaíochta ar siúl gach oíche Mháirt i gCumann Chluain Ard. Séamus Mac Diarmada, fear a raibh dúil as cuimse aige in amhráin na Gaeilge agus na Gàidhlig, agus Tomás Ó Monacháin a bhí i mbun teagaisc. “Thig liom a rá, agus mo lámh ar mo chroí agam, gur sin an áit ar fhoghlaim mise amhráin na Gaeilge – chuir mé na hamhráin sin uilig de ghlanmheabhair, tá cuimhne go fóill agam ar gach ceann de na hamhráin a d’fhoghlaim mé ón bheirt fhear”[3].  Múinteoir amhránaíochta eile sa Chumann ab ea é Séamus Ó Mealláin (fear a raibh clú air mar mhúinteoir damhsaí Gaelacha). Bhí Seán iontach tugtha dó sin agus is cuimhin leis ainmneacha chúig cinn de na hamhráin a d’fhoghlaim sé uaidh: Tiocfaidh an Samhradh, Thíos i dTeach a’ Tórraimh, Bhí Mé Lá gan Amhras, Cailín a’ tSléibhe Ruaidh, agus Bhí Triúr Cailín Dáimhiúl’ sa Daingean (is aistriúcháin ón Bhéarla an dá cheann deiridh sin). B’as Béal Feirste na fir seo uilig. D’fhoghlaim siad cuid de na hamhráin i nGaeltacht Thír Chonaill, agus i mBéal Feirste ó mhúinteoirí eile ba shine ná iad mar Liam Mac Carráin, Liam Mac Canna, Liam Andrews agus Ailf Ó Murchú. Bhíodh ranganna Gaeilge agus Feis Bhéal Feirste láidir sa chathair siar go dtí an t-am ar bunaíodh Conradh na Gaeilge, sna 1890aidí[4]. Tá cuimhne mhaith ag Seán fán dóigh ar theagasc Séamus Ó Mealláin na hamhráin: bhí siad scríofa amach ar stiallacha fada páipéir aige, i litreacha móra le marcóir dearg, agus chrochadh sé ar an chlár dubh iad. Dúirt Seán nár bhac sé ar chor ar bith ag an tús lena míniú, ach thosaigh sé láithreach á gcanadh. Ó shin i léith, sin an nós a chleacht Seán é féin “na focail agus na foinn, tiocfaidh an míniú ina dhiaidh sin”[5].

Foinsí tábhachtacha eile amhrán ab ea Raidió Éireann agus BBC Scotland sna caogaidí agus sna seascaidí. Bhíodh clár Raidió Éireann ag Seán Óg Ó Tuama, An Chóisir Cheoil, agus an grúpa amhránaithe a bhíodh aige An Claisceadal Cois Life. D’fhoilsigh siad dhá leabhrán déag ó 1958 go 1962 agus tá naoi gcinn acu go fóill ag Seán. Ba ghnách le Séamus Mac Diarmada (a mhúinteoir i gCluain Ard) na cláir uilig a thaifeadadh ón raidió agus ansin cuid de na hamhráin sin a theagasc sa rang oíche Mháirt. Agus bhíodh cúpla clár leathuair an chloig ar BBC Scotland Ceilidh agus Seinn an Duan Seo. Ba ghnách leis féin agus le cúpla cara éisteacht leis na cláir sin agus scríobh siad cúpla uair chuig an fhear a bhí i mbun na gclár Gàidhlig ag an BBC, Fred McAuley, agus fuair siad focail lear mór amhrán uaidh. Ba iad na hamhránaithe is mó a chuala siad an t-am sin Calum Kennedy, Glenna Campbell, Archie Grant agus Anne Lorne-Gillis. Spreag na hamhráin sin é ag an am le ‘A’ leibhéal Gàidhlig a bhaint amach!

Chaith Seán neart ama i nGaeltacht Thír Chonaill ag éisteacht le hamhránaithe agus ag forbairt chuid mhór nascanna ceoil ansin. D’éirigh sé féin agus a bhean, Áine, iontach mór le Seán Bán Mac Grianna. Ba ghnách le Seán Bán litreacha a scríobh chuici agus scríobh sé amhrán di. Tá tionchar na n-amhránaithe Conallacha go háirithe: Seán Bán, Aodh Ó Duibheannaigh, Micí Sheáin Néill Ó Baoill agus Neidí Frainc Mac Grianna le cluinstin i stíl amhránaíochta Sheáin, ach éisteann sé le hamhránaithe ó gach cearn den tír; Seosamh Ó hÉanaigh, Nioclás Tóibín, Darach Ó Catháin, Liam Ághas, Pádraig Ó Cuill agus Dara Bán Mac Donnchadha san áireamh. B’ócáidí móra a bhí ann nuair a thug an Cumann cuireadh do leithéidí Sheosaimh Uí Éanaigh agus Niocláis Tóibín a theacht go Béal Feirste agus ceolchoirm a thabhairt agus tá neart scéaltaí ag Seán fá eachtraí na gcuairteanna sin.

Tá neart scríofa fá úsáid agus fá fhréamhacha an téarma ‘sean-nós’, tionchar an Oireachtais air agus caidé chomh hoiriúnach agus atá an téarma féin[6]. Bheadh a dheacrachtaí féin ag Seán maidir leis an téarma agus i dtaca lena chuid ceoil féin ní bheadh sé compordach é a úsáid. Is léir go síleann sé gurb é an t-amhrán seachas an t-amhránaí an rud is tábhachtaí. Nuair a cheapadh an Bráthair Críostaí, Tomás Beausang, mar mholtóir ag Feis Bhéal Feirste in 1960, d’athraigh sé ainm an chomórtais ó ‘Amhráin ar an tSean-Nós’ go ‘Ceolta Tíre’. Síleann Seán go bhfuil an t-ainm sin i bhfad níos sásúla. Fágfaidh mé an focal scoir ag cara Sheáin, as Doire Cholm Cille, Proinsias Ó Mianáin, a dúirt caoga bliain ó shin – ‘Ní thig leat amhrán a rá sa tsean-nós ach sa leithreas tirim!’[7]

Nótaí

[1] Féach Nig Uidhir (2006)

[2] Tá Cumann Chluain Ard ar cheann de na eagrais Ghaeilge is tabhachtaí i scéal na Gaeilge i mBéal Feirste. Féach Mac Póilin (2006) le haghaidh cur síos cuimsitheach ar bhunú agus ar fhorbairt an Chumainn.

[3] Mac Aindreasa (2011).

[4] Bunaíodh craobh Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge in 1895 (Mac Póilin, 2006)

[5] Mac Aindreasa (2011).).

[6] Féach – McCann agus Ó Laoire (2003), Hennigan (1991).

[7] Mac Aindreasa (2011).

Tagairtí

Henigan, J. 1991. Sean-nós in Donegal: In search of a definition. Ulster Folklife, 37, 97-105.

Mac Aindreasa, S.  2011. Agallamh gutháin agus comhfhreagras ríomphost le

Seán Mac Aindreasa, 26-28ú Feabhra 2011.

Mac Póilin, A. 2006. Irish in Belfast, 1892 – 1960: From the Gaelic League to Cumann Chluain Ard. In Belfast and the Irish Language, eag. F. D. Brún, 114-135. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.

McCann, A. & L. Ó Laoire. 2003. Raising One Higher than the Other: The Hierarchy of Tradition in Representations of Gaelic and English Language song in Ireland. In Global Pop: Local Language, eag. H. M. Berger & M. T. Carroll, 233-265. Jackson: University of Mississippi Press.

Nig Uidhir, G. 2006. The Shaw’s Road urban Gaeltacht: role and impact. In Belfast and the Irish Language, eag. F. D. Brún, 136-146. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.

Bean a’ tí Caoimhe Ní Chathail, moltóir Doimnic Mac Giolla Bhríde, Ali Mac Aindreasa, Buaiteoir Liam Ó Ceallaigh, agus moltóir Máire Ní Choilm (Corn Mhic Aindreasa in Áras Mhic Reachtain, 22ú Feabhra 2020).