Ranganna Sheáin
Ó thaobh mhúineadh na teanga de, bheadh cur chuige ar leith ag Seán. Bhéarfadh sé an teanga d’fhoghlaimeoirí tríd na hamhráin agus tríd an amhránaíocht. Chreid sé dá dtiocfadh le foghlaimeoir nó le haon duine, amhrán Gaeilge a thógáil de ghlanmheabhair, go mbeadh focail agus foghraíocht acu i ngan fhios dóibh, mar a déarfadh Seán:
‘Deirinn leis an rang an rud céanna a deirim go fóill – má fhoghlaimíonn tú amhrán nó filíocht i dteanga ar bith beidh an méid sin níos mó den teanga ar eolas agat ná a bhí roimhe sin – is cuma cé acu tuigeann tú é nó nach dtuigeann. Má leanann tú ar aghaidh tiocfaidh an tuiscint, an dóigh chéanna ar fhoghlaim tú paidreacha agus tú óg’.
I gceann de na taifeadtaí, cuirtear an cheist ar Sheán, “Is it necessary to be able to sing”? Deir Seán, agus é ag gáire,
‘Ar chuala tú muid aríamh? An rud atá ann, thig le duine ar bith amhrán a ceol…nó thig le duine ar bith amhrán a rá, nó, thig le duine ar bith sult a bhaint as amhrán. …Is cuma liom, go pearsanta, cé chomh maith agus atá duine ar bith, nó cé chomh holc agus atá duine ar bith’.
Ráiteas a léiríonn go follasach nárbh é teacht chun foirfeachta ó thaobh amhránaíochta de cuispóir a ranganna.
Ba mhaith le clann Sheáin Mhic Aindreasa buíochas faoi leith a ghlacadh le Liz Curtis, a thug faoi ranganna Sheáin a thaifeadadh ar an chéad dul síos, agus a bhronn an bailiúchán téipeanna siúd orthu lena gcaomhnú agus le sult a bhaint astu.
1. Rang amhránaíochta 26ú Bealtaine 1996 | 26th of May 1996
2. Rang amhránaíochta 29ú Meán Fómhair 1996 | 29th of September 1996
3. Rang amhránaíochta 29ú Meán Fómhair 1996 | 29th of September 1996
4. Rang amhránaíochta 15ú Meitheamh 1997 | 15th of June 1997
5. Rang amhránaíochta 15ú Meitheamh 1997 | 15th of June 1997
6. Rang amhránaíochta 12ú Deireadh Fómhair 1997 | 12th of October 1997
7. Rang amhránaíochta 28ú Márta 1998 | 28th of March 1998
8. Rang amhránaíochta 15ú Feabhra 2000 | 15th of February 2000
9. Rang amhránaíochta 11ú Aibreán 2000 | 11th of April 2000
10. Seán Mac Aindreasa Caint Féile 6 Lúnasa 1998