AMHRÁIN NA GAELTACHTA
Téip Bonnán agus Draighneán Sean Mac Aindreasa agus Eibhlín Nic Aoidh (1992)
1. Mo Rún Geal Díleas
Mo rún geal díleas, díleas, díleas,
Mo rún geal díleas nach till thú nall?
Cha till mi féin leat, a ghaoil, cha ‘n fhaod mi;
‘S ann tha mi, ‘ghaoil, na mo laighe tinn.
Is truagh nach robh mi an riochd na faoilinn
A shnámhadh aotram air bharr nan tonn;
Is bheirinn sgriobag don Eilean Íleach,
Far bheil an ríbhinn dh’fhag m’inntinn trom.
Is truagh nach robh mi ‘s mo rogha ceile
Air mullach shléibhte nam beanntan mór,
‘S gun bhith gar n-éisdeachd ach eóin na speura,
‘S gun tugainn fhéin di na ceudan póg!
Thug mi míos ann am fiabhras claoidhte
Gun dúil rium oidhche gum bithinn beo;
B’e fáth mo smaointean a lá ‘s a dh’oidhche
Gum faighinn faochadh is tu bhi ‘m chóir.
Cha bhi mi strí ris a’ chraoibh nach lúb leam
Ged chinneach úbhlan air bhárr gach géig;
Mo shoraidh slán leat ma rinn thu m’fhágail,
Cha táinig tráigh gun mhuir-lán ‘na déidh.
2. An Buinneán Buí
Ós a bhuinneáin bhuí, is é mo chrá do luí
Is do chnámha sínte ar leaca lom’
Is nach ndearn’ tú díth nó dolaidh sa tír
Is gurbh fhearr leat fíon ná uisce poill.
Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin
Go raibh tú i ngéibheann nó i ndeacair íot’
Oró bhainfinnse béim as Loch Mhic an Éin,
A d’fhliuchfadh do bhéal is do bhrollach síos.
Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé a éagaoin
An chuach, an traona ná an chorr bhreac,
Ach an buinneán buí a bhí lán de chroí
Is gur chosúil liom féin a shnó is a dhreach.
Bhíodh sé ag síoról na dí,
Is deir daoine go mbím ar an nós sin seal
Is níl braon dá bhfaighinn nach ligfinn síos
Ar fhaitíos go bhfaighinnse bás den tart.
Is é a d’iarr mo stór orm ligean den ól
Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr,
Is é a dúirt mé léi gur chan sí an bhréag
Is gurbh fhaide do mo shaol an braon seo a fháil.
Nach bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh
Go ndeachaigh sé a éag leis an tart ar ball?
Ós a dhaoine cléibh, fliuchaigí bhur mbéal,
Nó ni bhfaighidh sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
3. Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn
‘Sé deir Colm Cille go hifreann nach dtéid fial,
Lucht an tsairbhris go gceileann siad a bpáirt mhór ar Dhia,
Nach mór an tubaiste d’aon duine a ndearna riamh
Oiread a chruinniú agus ‘ choinneodh as Parthas é.
Thréig mé lucht an Bhéarla is búclaí bróg
Thréig mise an méid sin mar gheall ort, a stór,
Mar shúil go mbeinn is tú, a chéadsearc, maidin chiúin cheo
Is muid ag éisteacht le géimneach ag sealbháin bó.
D’imigh mé mar a d’imeodh mo lúth agus mo ghné
D’imigh mé mar a d’imeodh fáinní geala an lae
D’imigh mé mar a d’imeodh an sneachta den ghréin
Nó mar a bheinn ar oileán is thiocfadh an tuile orm a bháfadh mé.
Go mbreaca mo dhá mhala is go liatha mo cheann,
Chomh geal leis an eala atá ar Shliabh Uí Fhlionn
Go dté mo bhean i dtalamh agus ina dhiaidh sin a clann
Beidh cuimhne agam ort, a ainnir dheas na gciabhfholt donn.
4. Thíos i dTeach an Tórraimh
Thíos i dteach an tórraimh chuir mé eolas ar mo chailín donn;
Bhí a grua mar na rósaí is bhí a béilín mar an siúcra donn.
Bhí mil ar bharra géag ann agus céir bheach ar bhun na gcrann,
Is bhí iasc na Finne a’ léimníigh le pléisiúr mar bhí sí ann.
Bhí mé lá go ceolmhar ar mo sheol agus mé i gceann an tí
A’ síordhul don cheol is ag cur na mbréag in iúl do ghrá mo chroí.
Ní chreidfeadh sí mo ghlórtha nó shíl sí gur dá mealladh bhínn.
Tá mé óg go leor i gcónaí agus ní phósfaidh mé ach mian mo chroí.
Is binn agus is ceolmhar a labhras gach éan i dtom;
Is deas an uile shórt ann is is ródheas mo chailín donn.
Is aici fuair mé eolas ar mhórán is ar thuilleadh grinn,
Is nach deas an rud sú na heorna bheith dá ól agus á teannadh liom.
Bhí mé lá breá samhraidh is mé ag labhdaireacht go mór le mnaoi;
Fá bhruach na coille cluanaí is gan dúil agamsa pilleadh choích’.
Má bhí ‘e chinniúint chrua domh do lua liom is gan d’fháil mar mhnaoi,
Seo beannacht an Rí go buan duit is bí ar cuairt agam gach áit á mbím.
5. Má Théid tú chun Aonaigh
Má théid tú chun aonaigh bíodh an chaora leat a holann is a huan,
Má bhíonn tú díomhaoin bíodh do mhian leat ar thosach an tslua,
Ó bí aoibhiúil geanúil caíúil agus molfar as sin thú,
Ní hí an mhaoin a bhéarfas i dtír thú agus ná mealltar léi thú.
Óró, a ansacht, cérbh ansa leat fear eile agat ná mé?
Is gur tú an planda beag a shantaigh mé i dtosach mo lae;
Thug mé taitneamh gan amhras duit mar bhí mé óg gan chéill,
Is focal ‘e chaint nach raibh ins an cheann udaigh a mholfadh duit ach mé.
Teacht an earraigh ceannód talamh is dhéanfad fáras beag domh féin,
Is beidh mo mhuintir á shíormholadh domh gur críonna a rinne mise é,
Níl ach moladh ar mhná an domhain is beidh bean agam féin,
Ní hí an mhaoin atá mé a shantú ach a cáilíocht is a méin.
Óró a chéadsearc, an féidir go gcodlaíonn tú san oích’
An é rud nach léir duit na saighde atá a’ polladh i mo chroí?
Tá ní éigin a mo bhuaireamh is an arraing a mo chloí,
Agus mé ag éisteacht le héanacha na coille ag gabháil a luí.
6. An Draighneán Donn
Fuaireas féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
Agus céad póg an lá ina dhiaidh sin ó leon na bhfear,
Scalladh cléibh ar an té a déarfadh nach tú mo shearc,
A bhuachaill ghléigil, is breáth’ in Éirinn, is go
n-éalóinnse leat.
Agus síleann céad fear gur leo féin mé nuair a ólaim leann.
Ní airím iad nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom.
A choim is míne ná an síoda atá ar Shliabh na mBan Fionn,
Is tá mo ghrása, ó, mar bhláth na n-airní ar an draighneán donn.
Is más ag imeacht taoi, beir mo bheannacht leat, is go dté tú slán,
Mar nár imís nó gur bhrisis an croí seo i mo lár.
Níl coite agam go leanfainn tú, long nó bád,
Is go bhfuil an fharraige ina tonnta eadrainn is ní heol dom snámh.
Agus a Dhé ghil, cad a dhéanfad má imíonn tú uaim?
Cé a bhéarfaidh eolas chun do thí dhomh má thagaim ar cuairt?
Sneachta síolmhar a bheith dá shíorchur agus mise faoi ghruaim,
Mná na hÉireann ag déanamh géim díom is mo ghrá i bhfad uaim.
Ó is mairg a théann ag allagar le crann mór ard
Nuair a d’fhág sé crann íseal a shroichfeadh a lámh,
Mar dá mb’airde é an crann cáorthainn bíonn sé searbh ina lár
Agus fásann úlla agus géaga cumhra ar an chrann is ísle bláth.
7. Conlach Ghlas an Fhómhair
Ar chonlach ghlas an fhómhair a stóirín gur dhearc mé uaim,
Ba deas do chos i mbróg is ba ródheas do leagan siúil.
Do grua ar dhath na rósaí is do choirníní ‘ bhí fite dlúth,
Monuar gan sinne ár bpósadh nó ar bord loinge a’ triall chun siúil.
Tá buachaillí na háite seo ag gartha ’gus ag éirí teann,
Is lucht na gcocán ard a’ deánamh fárais do mo chailín donn.
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne thar sáile is a shluaite cruinn,
Bhrúfainn féar is fásach is bheinn ar lámh le mo chailín donn.
Is é a chuala mé Dé Domhnaigh, mar chomhrá ag gabháil idir mná,
Go raibh sí ag gabháil dá pósadh le hógfhear dá bhfuil san áit.
A stóirín glac mo chomhairle is an fómhar seo fan mar tá,
Is cha ligim le a bhfuil beo thú, a stóirín, nó is tú mo ghrá.
8. Dónall na Gréine
Fear fréic agus froilic i seomra nó halla,
Is é Dónall na Gréine, ar chuala tú a thréithe?
Chaithfeadh sé seachtain ag ól i dtigh leanna,
Is ná titeadh néal air, b’annamh díth céille air
Curfá:
D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé, is dá mbeadh a thuilleadh aige
A chóta is a léine, a chóta is a léine,
Dónall na buile ‘gus Dónall na gloine
‘gus Dónall na Gréine, Dónall na Gréine.
Níl aon bhean i gCorcaigh nach raibh leis i gcumann
Cailíní óga, singil is pósta,
Dá mbréagadh is dá mealladh le sé lá na seachtain’
Le bladar is bréaga, eachtraí is scéalta.
Curfá:
Is táilliúir is is gabha é, is printéir maith leabhar é,
Dónall na gréine, chumfadh sé véarsa,
Bord agus leaba a dhéanfadh go tapa,
Nó bríste breá néata de chraiceann na gcaorach.
Curfá:
Óró, b’fhada a léim reatha is bá bhreá a bhuille bata,
In aimsir an éigin, sciursálfadh sé céad fear,
A shamhail d’fhear é le Lughaidh Lámhfhada,
Le hAlastair tréanmhar nó Heircealas Gréagach.
Curfá:
Bíonn Dónall ar meisce is a bhean ag ól uisce,
Is na leanaí ag béicigh, na leanaí ag béicigh,
Bíonn Dónall ar meisce is a bhean ag ól uisce,
Is na páistí ag béicigh, na páistí ag béicigh.
Curfá deiridh:
D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé is dá mbeadh a thuilleadh aige,
A chóta is a léine, a chóta is léine,
Le méid a mhisnigh ó sháraigh sé a maireann,
Sin agaibh a thréithe, Dónall na Gréine.
Féile Cheol Feirste: Téip Green Dolphin Studios (28ú Feabhra 1993)
9. Éirigh Suas a Stóirín
Éirigh suas, a stóirín, mura bhfuil tú ’do shuí
Foscail an doras agus lig mise ’un tí
Tá buidéal i m’aice bhéarfas deoch do mhnaoi an tí
Agus tá súil agam nach ndiúltaíonn sí mé fána níon.
Nuair a éirím amach ar maidin agus dhearcaim uaim
Is dhearcaim ar a’ bhaile úd a bhfuil agam le dhul ann.
Ó titeann na deora ’na sroite liom síos
Agus nímse míle osna bíos cosúil le cumhaidh.
I ngleanntán na coille beothorraí is lag tuirseach a bhím
Ó Dhomhnach go Domhnach is mé ag caitheamh mo shaoil.
Is me a’ feitheamh ’ach tráthnóna cé rachadh an ród nó thiocfadh ’un tí
Is gan aon ní ar an domhan mhór a thógfadh mo chroí.
Is nach aoibhinn don éanlaith a éiríos gach lá
Is a luíos arís ar an aon chraobh amháin.
Ní hé sin dom féin is do mo chéad míle grá
Is i bhfad i bhfad ó chéile bíos ár n-éirí gach lá.
Téip ITMA Amhráin Ghaeilge Cumann Chluain Ard, Meitheamh 1990
10. Beidh Aonach Amárach
Tá iníon bheag agam agus tá sí óg,
Tá iníon bheag agam agus tá sí óg,
Tá iníon bheag agam agus tá sí óg,
’S tá sí i ngrá le gréasaí bróg.
Curfá:
Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mhuirnín ó, ná héiligh é.
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir,
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir,
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir,
Cén mhaith dom é, ní bheidh mé ann.
Curfá:
Níl tú a deich ná a haon déag fós,
Níl tú a deich ná a haon déag fós,
Níl tú a deich ná a haon déag fós,
Nuair a bheas tú trí déag, beidh tú mór.
Curfá:
Tá mé i ngrá lé gréasaí bróg,
Tá mé i ngrá lé gréasaí bróg,
Tá mé i ngrá lé gréasaí bróg,
Is mura bhfaighidh mé é ní bheidh mé beo.
Curfá:
Tá tú i ngrá le gréasaí bróg,
Tá tú i ngrá le gréasaí bróg,
Tá tú i ngrá le gréasaí bróg,
Ach ní bhfaighidh tú é fad a bheas mé beo.
Curfá:
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg,
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg,
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg,
Ná oifigeach airm faoina lásaí óir.
Curfá:
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir,
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir,
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir,
Cén mhaith dom é, ní bheidh mé ann.
11. An Dord Féinne
’Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar.
B’é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
Is tú díolta leis na Gallaibh.
Curfá:
Óró, ’sé do bheatha abhaile,
Óró, ’sé do bheatha abhaile,
Óró, ’sé do bheatha abhaile,
Anois ar theacht an tsamhraidh.
A bhuí le Dia na bhFeart go bhfeiceam,
Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
Curfá:
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
Óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill na Spáinnigh,
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Curfá:
12. Gleanntáin Ghlasa Ghaoth Dobhair
Seo slán ag sléibhte maorga Chontae Dhún na nGall,
Agus dhá chéad slán ag an Earagail ard ina stua os cionn chaor is choll;
Nuair a ghluais mise thart le Loch Dhún Lúich’ go ciúin sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí gleanntáin ghlas’ Ghaoth Dobhair is beag nár bhris mo chroí.
Ag taisteal dom amach trí chnoic Ghleann Domhain is an Mhucais ar mo chúl,
Ní miste dom a rá le brón is le crá ba fhrasach a shil mise súil;
Go Meiriceá siar a bhí mo thriall i bhfad thar an fharraige mhór
D’fhág mé slán ar feadh seal’ ag Dún na nGall is ag gleanntáin ghlas’ Ghaoth Dobhair.
Slán slán go fóill a Dhún na nGall a chontae shéimh gan smál,
Is ag d’fheara breátha i n-am an ghá nár umhlaigh riamh roimh Ghall;
Tá áit i mo chroí do gach fear is gach mnaoi, is gach páiste beag agus mór
Atá beo go buan gan bhuairt gan ghruaim fá ghleantáin ghlas’ Ghaoth Dobhair.
13. Chuaigh Mé Isteach
Chuaigh mé isteach i dteach aréir
Is d’iarr mé cárt ar bhean an leanna;
Is é a dúirt sí liom “Diabhal deoir!
Buail an bóthar is gabh chun an bhaile.”
Curfá:
Níl sé ina lá, níl a ghrá,
Níl sé ina lá ná baol ar maidin,
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh.
Chuir mé féin mo lámh i mo phóc’
Is d’iarr mé briseadh corón’ uirthi.
Is é a dúirt sí liom “Buail an bord
Is bí ag ól anseo go maidin.”
Curfá:
“Éirigh i do shuí, a fhir an tí
Cuir ort do bhríste is do hata,
Go gcoinní tú ceol leis an duine chóir
A bheas ag ól anseo go maidin.”
Curfá:
14. Siobhán Ní Dhuibhir
D’éirigh mé ar maidin a tharraingt chun aonaigh mhóir,
A dhíol is a chéannach mar a dhéanadh mo dhaoine romham;
Bhuail tart ar an bhealach mé is shuigh mise síos a dh’ól,
Is le Siobhán Ní Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg.
“A Siobhán Ní Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn?”
“Mo bhrón is mo mhilleadh más miste liom tú bheith i gcill!
Bróinte is muilte bheith ag scileadh ar chúl do chinn,
Ach cead a bheith in Iorras go dtara Síol Éabha chun cinn.”
A Siobhán Ní Dhuibhir, is tú bun agus barr mo scéil,
Ar mhná na cruinne, go dtug sise an báire léi;
Le gile, le finne, le maise is le dhá dtrian scéimh’
Is nach mise an trua Mhuire bheith ag scaradh amárach léi!
Thiar in Iorras tá searc agus grá mo chléibh,
Planda an linbh a d’éitigh mo phósadh inné;
Beir scéala uaim chuici má thug mise póg dá béal,
Go dtabharfainn di tuilleadh dá gcuirfeadh siad bólacht léi.
Beir scéala uaim chuige go dearfa nach bpósaim é,
Ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé;
Nuair nach bhfuil agamsa maoin ná mórán spré,
Bíodh a rogha bean aige is beidh mise ar mo chomhairle féin.
15. Cailín mó Rúinsa
Curfá:
Cailín mo rúinsa, is leannán mo ghráidh,
Ainnir mo chridhese, is í cuspair mo dháin.
Thá m’intinn lán sóláis bhith tilleadh gun dáil,
Go cailín mo rúinsa is leannán mo ghráidh.
Ó chuir mi eolas ar leannán mo ghráidh,
Is a rinn mise suas ri sa ghleannán go hard;
A grua thá chomh haoibheil, lán gein agus báidh,
Nach mise bíos cianeil mar faigh mi a lámh.
Curfá:
Bha mise lán aoibhnis nuair fhuair mi an cheud phóg,
Bhon chaileag ghrinn uasal tha aighearach óg;
Is é mo mhian is mo dhúrachd chomh fad is bíos mi beo,
Bhith póst’ ris an ghruagaich tha suairc agus cóir.
Curfá:
16. Tráthnóna Beag Aréir
Thíos i lár an ghleanna, tráthnóna beag aréir;
Is an drúcht ina dheora geala ina luí ar bharr an fhéir;
Is ea a casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis is pearsa,
Is í a sheol mo stuaim chun seachráin, tráthnóna beag aréir.
Curfá:
Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ag gabháil síos an gleann aréir,
Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir.
Ó a rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí is nár ghairid,
Ó is Rí na Glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.
Do chiabhfholt fáinneach frasach, do mhalaí bhán is do dhéad;
Do chaolchoim álainn mhaiseach is glórtha caoin’ do bhéil;
Do bhráid mar chlúmh na heala, do shúil mar réalt na mara,
Is faraor gur dhual dúinn scaradh, tráthnóna beag aréir.
Curfá:
Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh agus labhairt le stór mo chléibh;
Nó dá bhfaighinnse bua ar chinniúint char mhiste liom fán tsaol.
Shiúlfainn leat fríd chanach, is fríd mhéilte chiumhais na mara
Agus dúiche Dé dá gcaillfinn go bpógfainnse do bhéal.
Curfá:
17. Cad É Sin Don Té Sin
Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghine buí óir;
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théim go coill chraobhach a chruinniú sméara ná cnó,
A bhaint úlla de ghéaga nó a bhuachailleacht bó,
Má shínim seal uaire faoi chrann ag déanamh só,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má shínim seal uaire faoi chrann ag déanamh só,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má théimse chuig airneál is rince is spórt,
Chuig aonach is rásaí is gach cruinniú den tsórt;
Má tchím daoine súgach is má bhím súgach leo,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má tchím daoine súgach is má bhím súgach leo,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh,
Gan earra, gan éadáil, gan bhólacht ná stór;
Má tá mise sásta i mo chónaí i gcró,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má tá mise sásta i mo chónaí i gcró,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Tá aithne agam ar chailín deas cneasta is cóir,
Tá a píb mar an eala is a leaca mar rós;
Má bhíonn sí agus mise um Inid faoi sheol,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má bhíonn sí agus mise um Inid faoi sheol,
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
18. Aird an Chumhaing
Dá mbeinn féin in Aird an Chumhaing
In aice an tsléibhe úd atá i bhfad uaim
B’annamh liom gan dul ar cuairt
Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh.
Curfá:
Agus och, och Éire ’lig is ó,
Éire lean dom gus ó,
Is é mo chroí atá trom is brónach.
Is iomaí Nollaig a bhí mé féin,
I mBun Abhann Doinne is mé gan chéill
Ag iomáin ar an Trá Bhán
Is mo chamán bán i mo dhorn liom.
Curfá:
Nach tuirseach mise anseo liom féin,
Nach n-airím guth coiligh, lon dubh ná traon,
Gealbhan, smólach, naoscach féin,
Is chan aithním féin an Domhnach.
Curfá:
Nach seo an choraíocht atá buan
Is ar an tsaol a chuirfeadh sí cluain;
Mheall sí an chaora ón uan
Agus mheall sí uaim an óige.
Curfá:
Da mbeadh agam coite is rámh
Le go n-iomairfinn leis an tsnámh,
Ag dúil le Dia go sroichfinn slán
Is go bhfaighinnse bás in Éirinn.
19. Fáth mo Bhuartha
Is é fáth mo bhuartha nach bhfaighim cead cuarta
Sa ghleanntán uaigneach mar a mbíonn mo ghrá;
Bíonn mil ar luachair ann agus im ar uachtar
Is go tús an fhuachta a bíos na crainn faoi bhláth.
Níl gaoth aduaidh ann, níl sneachta crua ann
Tá caladh is cuan ann ag loing agus ag bád
Is mar thuilleadh bua air níl turas cruaiche ann
Té a dhéanfadh suas lena mhuirnín bán.
Neos shíl mé a stóirín mar bhí tú óg deas,
Go ndéanfá foghlaim ar éalú liom.
Is nach mbíonn tráthnóna ná maidin fhómhair,
Nach tú an réalt eolais a bhí ag gabháil romham.
Ach ag siúl na móinte is na coillte cnómhar
Ní bheadh orm brón ná duifean croí,
Ach mé bheith pósta ar mo mhíle stóirín
Is mo lámh go bródúil ar a brollach mín.
Téip Cló Iar-Chonnacht (2002)
20. Málaí Bhán (Bhí mé lá gan amhras)
Ó bhí mé lá gan amhras gabháil sráid a’ Bhóithrín Bhuí
Maidin aoibhinn shamhraidh dar liom bhí an drúcht ina luí.
Cé tharlaigh domh ach spéirbhean ba deise barra dlaoi
Mo chreach, mo léan is m’angar is í an bhean í bhreoigh mo chroí.
Ó a Dhia gan mise i Muineachán is mé i mo cheannaí snáth’
Mo mhuirnin deas in aice liom charbh fhada liom an lá.
Scairtfinn ar a’ bhiotáilte is dhíolfadh Málaí an cháin
Is go snámhfainn ar an fharraige le mo mhaighre bharrúil mná.
A stór, ná bíodh ort buaireamh brón ná briseadh croí,
Ná ní ar bith sen tsórt sin ach aer is spórt an tsaoil.
Nó dá mbíodh agam an domhan mór ia a bhfuil i gcófraí glais an rí
Go dtabharfainn é mar fhéirín is tú éalú liom mar mhnaoi.
Luífidh mé sa choirnéal is beidh mé breoite tinn
A’ fiafraí de mo mhuirnín an gcíorfadh sí mo cheann.
Tá na céadta fear i ngrá léi go brách nach dtig chun cinn
Is má thug mé grá do Mhalaí Bhán níl náire ar bith liom ann.
21. Iníon a’ Bhaoghailligh
Bhí mé oíche taobh ‘stigh ‘Fhéil’ Bríde ag faire thíos ar a’ Mhullach Mhór
‘gus tharlaigh naí domh a dtug mé gnaoi daoi’ mar bhí sí caíúil lách álainn óg.
Sí go cinnte a mhearaigh m’intinn agus lia na bhFiann ó ní leigheafadh mé
is tá mo choí ‘stigh ‘na mhíle píosa nuair nach bhfaighim cead
síneadh lena brollach glé’al.
Is fada ‘n lá breá ó thug mé grá duit is mé ‘mo pháiste bheag óg gan chéill
is dá mbíodh mo mhuintir ‘lig i bhfeirg liom, nár chuma liom, a mhíle stór.
A mhíle grá, tá cách a’ rá liom gur den ghrá ort a gheobhaidh mé bás
is níl aon lá margaidh a mbeadh sna Gearailtigh nach mbeadh cúl
fathmhainneach is mise ag ól.
A chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt druid anall liom is tabhair domh póg
nó is leatsa ‘ shiúlfainn cnoic is gleanntáin is go Baile ‘n
Teampaill dá mbíodh sé romhainn.
Ach anois ó tá mise cuartha cráite is gur lig mé páirt de mo rún le gaoith,
a Rí ‘ta ‘ bParthas déan domh fáras i ngleanntaí áluinne lena taobh.
22. Is Fada ó Bhaile
Is fada ó bhaile a d’aithneoinn féin do shiúl
Do chúl dubh daite faoi hata glan éadrom úr
Bhíodh blas na meala achan mhaidin ar phóg mo rúin
Roimh Shamhain, gan amhras, beidh faire orm féin le cumhaidh.
Nuair a éirím ar maidin agus théim go cúl an tí
Agus dhearcaim le fada ar an taobh úd a bhfeicim mo mhian.
Ach anois tá mé réidh leis go ndéantar domh cónra chaol
Is go bhfásaidh an neantóg is an féar glas trí lár mo chroí.
A shúil is glaise ná na coiscrigh nuair is úire a mbláth
Scéal cinnte go gcaoinfinn gan staonadh dá gcluinfinn do dháil
Feara Éireann is dá mbíodh siad cruinn ar an aon chnoc amháin
A ghrá, dá bhféadfainn, is tú féin bheadh agam ar láimh.
23. Moll Dubh a Ghleanna
Is ag Moll dubh a’ ghleanna
atá mo ghrá le fada,
sí nach bhfuair guth ná náire.
Is is múinte céill cneasta
a dúirt sí liomn ar maidin
‘Imigh is ná pill go brách orm.’
Níl aon ógánach gasta
ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh
nó as sin arís go hUmhaill Uí Mháille
nach mbeadh a’ triall chun a ghleanna
ar eachraí slime sleamhna
a’ dúil leis an mholl dubh álainn.
Dá bhfaighinnse níon an impire
níon a’ Chaiftín Diongún
is níon de chuid a’ Rí Seoirse;
bean na mbachall caoin
a chráigh go deo mo chroí
bean eile agus dha híle bó léi;
níon óg an Iarla
agus í bheith i bpriacal
a’ teacht am’ iarraidh le pósadh;
mná deasa an domhain
agus faighaim ar mo roghain
si Moll Dubh a’ Ghleanna a phósfainn.
Tá ba agam ar sliabh
is níl aonduine agam ina ndiaidh
agus tá mé mo chriathrú leofa;
á seoladh soir is siar
i ngach áit a mbíonn a dtriall
is a n-aghaidh ar a’ bhaile tráthnóna.
Folamh liom féin
óró feasta ní bheinn
ach Moll Dubha bheith i dtús a hóige;
nuair a chrionas a’ tslat
ní bhíonn uirthi tlacht
mar bíos ar na crannaibh óga.
Siúd thiar mo theach
agus gan tuí air ná scraith
is é déanta ar leataobh a’ bhóthair;
is nach críon a’ rud a’ bheach
nuair a ní sí a nead
i dteas agus id tús an fhómhair.
Fann guth an éin
a labhras leis féin
ar a’ tulaigh nó ar shliabh na mónadh;
sé díobháil na bhfear
a d’fhág sinn ar lár
agus scaoilimis ár mbeannacht leofa.




