Home Seán Mac Aindreasa AGALLAMH LE SEÁN

AGALLAMH LE SEÁN

by eoin

AGALLAMH LE SEÁN

Seán Mac Aindreasa arna chur faoi agallamh ag Verena Commins sa bhliain 2011. 

An raibh ceol sa teach agus tú ag fás aníos?

Bhí a lán amhrán sa teach ach ní raibh ceol ar bith uirlise ann. I mBéarla a bhí na hamhráin uilig. Bhí Gaeilge le léamh agus le scríobh ag m’athair ach ní raibh sé riamh i gcuideachta Gaeilgeoirí agus níor labhair sé riamh í. Bhí guth maith amhránaíochta ag mo mháthair agus measarthacht amhrán a d’fhoghlaim sí agus í óg, chomh maith le hamhráin de chuid John McCormick, Delia Murphy srl. Bhí focail a lán amhrán agus filíochta ag m’athair ach bhí sé ceolbhodhar.

Cé hiad na hamhránaithe ar éist tú leo/a thaitin leat agus tú ag fás aníos?

Is i lár Bhéal Feirste a tógadh mé agus ní raibh cúlra mór ceoil sa phobal; ach is minic a chuala mé mo mháthair ag gabháil amhráin. Bhí seanseinnteoir ceirníní ag m’aintín (a bhí ina cónaí in aon sráid linn) a cheannaigh m’athair mór roimh an Chéad Chogadh Domhanda agus bhí a lán ceirníní 78 ansin. Níor chuala muid sa teach ach na rudaí a bhí sna cairteanna san am sin ar BBC agus ar Raidió Éireann (Athlone a tugadh air an t-am sin). Rugadh agus tógadh muid i Sráid Brook i lár Bhéal Feirste agus d’fhág muid an teach sin in 1950 nuair a bhí mise chóir a bheith 10 mbliana d’aois, ach is cuimhin liom mé féin agus duine de mo dheirfiúracha inár suí ar an tolg sa teach sin ar laethanta éagsúla agus véarsaí as: The Foggy Dew, The Minstrel Boy, Sinn Féin Amháin, Whack Fol De Diddle, The Bold Fenian Men, A Nation Once Again, O’Donnell Abú, Dark Rosaleen, The Soldiers’ Song, Let Erin Remember, The Harp That Once Through Tara’s Halls, The Next Market Day, There Was an Oul’ Woman Lived under Cave Hill, Star of the County Down srl. a chanadh. 

Cá huair a thosaigh tú ag foghlaim agus ag ceol amhrán? An cuimhin leat an chéad amhrán (Gaeilge) a d’fhoghlaim tú – cén dóigh ar fhoghlaim tú é?

Nuair a chuala mé amhráin Ghaeilge de chéad uair, cuireadh ar Choláiste Samhraidh Ghaeltachta ón scoil mé ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ó bhí mé trí bliana déag d’aois. D’fhoghlaim mé cúpla amhrán ansin – Labhair an Teanga Ghaeilge Liom, Cruacha Glas’ na hÉireann, Fáinne Geal an Lae – ach sin é. Ach an bhliain a d’fhág mé an scoil agus mé sé bliana déag d’aois, bhí mé ag obair, agus ag stopadh, i nDoire Cholm Cille agus deireadh seachtaine an Dóú Lá Déag de mhí Iúil chuaigh mé féin agus cara de mo chuid a tháinig ar an traein as Béal Feirste, ar cuairt go Min a’ Chladaigh i dTír Chonaill, áit a raibh an Coláiste Gaeilge ar fhreastail muid air sa samhradh. Níor bhac muid leis an Choláiste, fuair muid lóistín san áit agus lá amháin, bhí muid ag siúl thar an Choláiste Samhraidh agus chuala muid na daltaí istigh ag canadh amhráin agus baineadh stad agus siar asam – níor chuala mé rud chomh maith leis riamh. Níos moille labhair mé le duine de na scoláirí a dúirt liom gurbh é an t-amhrán a chuala mé ‘Coinleach Glas an Fhómhair’ agus gur Proinsias Ó Maonaigh an múinteoir. Nuair a d’fhill mé ar Bhéal Feirste chuaigh mé ar lorg an amhráin, fuair mé leagan de i leabhar, ach d’aimsigh mé sa deireadh an leagan a bhí mé a lorg i gCumann Chluain Ard ó Thomás Ó Monacháin.

An ndeachaigh tú chuig múinteoir ar bith?

Bhí múinteoir ceoil againn sa bhunscoil, agus chan mé sa chór i dteach an phobail agus ar Fheis Bhéal Feirste, ach ní dheachaigh mé riamh chuig múinteoir.

Cé hiad na hamhránaithe is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Nuair a bhí mé sna déaga bhínn ag éisteacht i gcónaí le ceoltóirí móra an lae – Fats Domino, Bill Haley, Gerry Lee Lewis, Gene Vincent, The Platters, Elvis Presley, Lonnie Donovan, Tommy Steele srl.

De na hamhránaithe Gaeilge, is dócha, Aodh Ó Duibheannaigh, Seosamh Ó hÉanaigh, Nioclás Tóibín, Darach Ó Catháin, Liam Ághas, Pádraig Ó Cuill, Mac Dara Mac  Donncha agus a lán eile nár chuala mé a n-ainmneacha riamh. Bíonn cuimhne i gcónaí agam ar fhear a chuala mé am ar bith a raibh mé i Ráth Cairn, duine de mhuintir Sheoigeach, sílim, a thaitin go mór liom.

Ar fhreastail tú ar mhórán feilte amhránaíochta?

An tOireachtas sna 50idí malla agus sna 60idí luatha. Ní raibh mé riamh ag Fleá Cheoil na hÉireann. Ní thaitníonn  féilte nó tionóil nó ceolchoirmeacha liom. Is breá, nó bá bhreá liom, suí i gcuideachta, i dteach tábhairne go háirithe, agus éisteacht le daoine ag gabháil cheoil agus amhrán a rá mé féin.

Cá huair a thosaigh tú ag teagasc amhrán?

Bhí mé seacht mbliana déag nuair a thosaigh mé a theagasc ranganna Gaeilge i gCumann Chluain Ard agus ba ghnách liom riamh véarsa nó dhó d’amhrán a theagasc. Deirinn leis an rang an rud céanna a deirim go fóill – má fhoghlaimíonn tú amhrán nó filíocht i dteanga ar bith beidh an méid sin níos mó den teanga ar eolas agat ná a bhí roimhe sin – is cuma cé acu tuigeann tú é nó nach dtuigeann. Má leanann tú ar aghaidh tiocfaidh an tuiscint, an dóigh chéanna ar fhoghlaim tú paidreacha agus tú óg.

Cad chuige? Cén comhthéacs inar theagasc tú?

Is breá liom na hamhráin Ghaeilge, Éire agus Albain, agus is maith liom iad a theagasc do dhaoine eile. I dtús na nóchaidí d’iarr Glór na nGael i mBéal Feirste orm rang a dhéanamh do dhaoine – le Gaeilge, le beagán Gaeilge, gan Gaeilge ar bith – agus lean mé de sin ag Glór na nGael agus in áiteanna eile ó shin.

An mbíonn tú ag foghlaim amhrán i gcónaí?

Bím, chomh fada agus a ligeann an aois, an chuimhne agus an fhalsacht dom!

Chuir mé ceist ort fá ranganna amhránaíochta, ach an rud a bhí I gceist agam, na Irish language singing classes. Ar fhreastail tú ar ranganna amhránaíochta ag Cumann Chluain Ard nó áit ar bith eile? Cé na múinteoirí a bhí agat? An ndeachaigh siad i feidhm ar an dóigh an mbíonn tusa ag teagasc?

I dtús na bliana 1957 chuaigh mé féin agus beirt nó triúr cara dom ar rang Gaeilge a bhí ina theach féin ag fear darbh ainm Micí Ó Braonáin (bhí a dheartháir óg, Vivian, ar scoil liom) agus theagasc sé trí amhrán dúinn: Slán le Máigh, Bríd Óg Ní Mháille agus Fear a’ Bhata.

Bhíodh rang amhránaíochta gach oíche Mháirt ó 8 go dtí a 10 i gCumann Chluain Ard sna ’50aidí agus sna ’60aidí. Bhíodh an chéad uair an chloig ag Séamus Mac Diarmada, fear a raibh dúil as cuimse aige in amhráin na Gaeilge agus na Gàidhlig, agus a fuair bás in 2006.

Bhíodh an dara seisiún ag Tomás Ó Monacháin, athair Cholm Cille srl., óna 9 go dtí a 10.

Thig liom a rá, agus mo lámh ar mo chroí agam, gur sin an áit ar fhoghlaim mise amhráin na Gaeilge – chuir mé na hamhráin sin uilig de ghlanmheabhair tá cuimhne go fóill agam ar gach ceann de na hamhráin a d’fhoghlaim mé ón bheirt fhear sin agus an bheirt eile thíos.

Bhí fear i mBéal Feirste a raibh clú air mar mhúinteoir damhsaí Gaelacha, agus thart fá 1961 thosaigh sé rang amhránaíochta Gaeilge i gCumann Chluain Ard. Más buan mo chuimhne theagasc sé seacht n-amhrán dúinn ach ní cuimhin liom anois ach ainmneacha cúig cinn acu: Tiocfaidh an Samhradh, Thíos i dTeach a’ Tórraimh, Bhí Mé Lá gan Amhras, Cailín a’ tSléibhe Ruaidh, Bhí Triúr Cailín Dáimhiúl’ sa Daingean (is aistriúcháin ón Bhéarla an dá cheann deiridh sin). Séamus Ó Mealláin an t-ainm a bhí air, bhíodh baint aige sna 1920idí le Gluaiseacht na Poblachta agus chaith sé tamall i bpríosún. Bhí céim bhacaí ann agus ar an ábhar sin fuair sé an leasainm ‘Ducky’ Mallon. Is dócha nach cuimhin le hAlastar é ach chuaigh muid uilig ar a thórramh in 1979 nó 1980. Is bulaí beag fir a bhí ann agus bhí mé iontach tugtha dó. An dóigh ar theagasc sé na hamhráin, b’fhéidir go ndeachaigh sé i bhfeidhm orm – bhí siad scríofa amach ar stiallacha fada páipéir aige, i litreacha móra le marcóir dearg, agus chrochadh sé ar an chlár dubh iad. Níor bhac sé ar chor ar bith ag an tús lena míniú, thosaigh sé láithreach á gcanadh. Sin an nós a chleacht mise, na focail agus na foinn, tiocfaidh an míniú ina dhiaidh sin.

Ach caithfidh mé fear eile a lua ar fhoghlaim mé cuid mhaith amhrán uaidh, cé nach mbíodh ranganna rialta aige i gCumann Chluain Ard – Cathal Mac Carráin – fuair sé bás anuraidh ach tháinig sé ar thórramh Áine (mí na Samhna 2002) agus dúirt sé liom gur thaitin an ceol leis a sheinn tusa ar an bhocsa san Aifreann – Coinleach Glas an Fhómhair agus Ag Críost an Síol.

Is cinnte go bhfuil tú ag éirí dubh dóite de seo ach caithfidh mé cúpla rud eile a lua: Raidió Éireann agus BBC Scotland sna ’50áidí agus na ’60aidí. Bhíodh clár Raidió Éireann ag Seán Óg Ó Tuama, An Chóisir Cheoil, agus an grúpa amhránaithe a bhí aige An Claisceadal Cois Life. D’fhoilsigh siad 12 leabhrán ó 1958 go 1962 agus tá 9 gcinn acu go fóill agam. Ba ghnách le Séamus Mac Diarmada (thuasluaite) na cláir uilig a thaifeadadh ón raidió agus ansin cuid de na hamhráin a theagasc dá rang oíche Mháirt.

Agus bhíodh cúpla clár leathuair an chloig ar BBC Scotland, Ceilidh agus Seinn an Duan Seo ainmneacha dhá cheann acu. Ba ghnách liom féin agus le cúpla cara éisteacht leis na cláir sin agus scríobh muid cúpla uair chuig an fhear a bhí i mbun na gclár Gàidhlig ag BBC, Fred McAuley, agus fuair muid focail chuid mhaith amhrán uaidh. Ba iad na hamhránaithe is mó a chuala muid an t-am sin Calum Kennedy, Glenna Campbell, Archie Grant agus Anne Lorne-Gillis.

Cad é do bharúil faoin label ‘sean-nós’?

An mbeifeá sásta an label ‘amhránaí ar an tsean-nós’ a chur ort féin?          

Ní maith liom an téarma sin a úsáid – má thuigim é, agus níl fhios agam an dtuigim, is nós ceoil é a bhíodh ag daoine sula raibh raidió nó teilifís ann nó rud ar bith eile a rachadh i bhfeidhm orthu. Chuala mé daoine, daoine a thabharfadh ‘ealaíontóirí’ orthu féin ag argóint go fíochmhar, saoithíneach faoin cheist, agus ní bhfuair mé míniú air agus shíl mé gur cur i gcéill a bhí i gcaint chuid de na ‘healaíontóirí’. Sna ’50áidí agus sna ’60aidí bhíodh comórtas i bhFeis Bhéal Feirste ‘Amhráin ar an tSean-Nós, agus ba ghnách le scaifte againn, b’fhéidir 30 nó daichead duine, idir fhir agus mhná, a bheith páirteach ann. Bhí sagart as Béal Feirste ina mholtóir air, Pádraig Mac Caomhánaigh, agus nuair a bogadh go Glinntí Aontroma é ceapadh Bráthair Críostaí, Tomás Beausang ina áit agus d’athraigh seisean ainm an chomórtais go ‘Ceolta Tíre’, ainm a shíl mé a bhí i bhfad níos sásúla. Mothaím ag ceoltóirí óga na laethanta seo go gciallaíonn amhrán sean-nóis, amhrán ar bith gan tionlacan! Ach b’fhéidir gurbh fhearr an rud a dúirt cara de mo chuid as Doire Cholm Cille, Proinsias Ó Mianáin, caoga bliain ó shin – ‘Ní thig leat amhrán a rá sa tsean-nós ach sa leithreas tirim!’

I dtaca liom féin de – ní thugaim amhránaí ar an tsean-nós, nó amhránaí de chineál ar bith eile, orm féin. Is duine mé a bhfuil, nó a mbíodh, cuimhne mhaith aige ar na focail agus ar na foinn – agus a bhfuil dúil an-mhór aige sna hamhráin.

Tá súil agam go dtig leat ciall de chineál éigin a bhaint as an méid sin. Tá mé i ndiaidh léamh tríd agus níl a fhios agam an dtuigim féin é!

Séamus Mac Diarmada, Tomás Ó Monacháin, Séamus Ó Mealláin, Cathal Mac Carráin – b’as Béal Feirste iad uilig. D’fhoghlaim siad cuid de na hamhráin i nGaeltacht Thír Chonaill, agus i mBéal Feirste ó mhúinteoirí eile ba shine ná iad mar Liam Mac Carráin, Liam Mac Canna, Liam Andrews agus Ailf Ó Murchú. Bhíodh ranganna Gaeilge agus Feis Bhéal Feirste láidir sa chathair siar go dtí an t-am ar bunaíodh Conradh na Gaeilge, sna 1890aidí. Agus rud eile a ndearna mé dearmad de – bhíodh cór i gCumann Chluain Ard go dtí lár na gcaogaidí – roimh m’amsa. B’as Bóthar na Seanchille an córmháistir, Davy Richards, agus bhí spéis mhór aige sna hamhráin Ghaeilge agus i gceol na hÉireann. Ní shílim go raibh Séamus Ó Mealláin sa chór ach bhí an triúr eile.

Bhí cúpla téipthaifeadán i gCluain Ard sna 50aidí/60aidí, Ferrograph, iontach trom agus iontach maith agus ba ghnách leo iad a thabhairt go Rann na Feirste i dTír Chonaill gach samhradh agus gach seans a fuair siad thaifead siad cuid de na ceoltóirí agus na scéalaithe ab fhearr a bhí ansin – Aodh Ó Duibheannaigh, Seán Bán Mac Grianna, Micí Sheáin Néill Ó Baoill, Neidí Frainc Mac Grianna (athair Ghearóidín Bhreathnach), Neilí Dhall Ní Dhónaill (aintín Mhaighréide, Thríona agus Mhichíl). Nuair a thosaigh mise a’ dhul ansin chaith mé a lán ama ag éisteacht le hamhránaithe agus d’éirigh mé féin agus Áine mór le Seán Bán. Scríobh sé amhrán di agus ba ghnách leis litreacha a scríobh chuici, agus am ar bith a dtáinig sé go Baile Átha Cliath bhíodh sé ar cuairt againn.

Luaigh tú:

ceapadh Bráthair Críostaí, Tomás Beausang ina áit agus d’athraigh seisean ainm an chomórtais go ‘Ceolta Tíre’, ainm a shíl mé a bhí i bhfad níos sásúla.

An cuimhin leat cén bhliain?

1960, déarfainn.

Is cuimhin liom gur luaigh tú Nioclás Tóibín ar cuairt i mBéal Feirste (lá an tseimineáir le Lillis). Actually, is léir nach cuimhin liom mórán faoi! Cé a thug cuireadh dó? Ar chaith tú mórán ama leis?

Verena, ní cuimhin liomsa mórán den lá Lillis sin!

Cumann Chluain Ard a thug cuireadh dó Nioclás. Bhí mise i mo rúnaí ar Chumann Chluain Ard nuair a chuir muid cuireadh air agus ar Sheosamh Ó hÉanaigh a theacht, ní ar an deireadh seachtaine céanna – sílim go raibh mí eatarthu. Tháinig Nioclás Lá Fhéile Pádraig, 1966. Bhí mise i ndiaidh éirí as rúnaíocht CCA an t-am a tháinig Nioclás agus an duine a bhí ina rúnaí an t-am sin d’iarr sé orm aire a thabhairt do Nioclás an lá sin, ó tharla go raibh aithne cheana féin agam air, agus thug sé dhá phunt dom le dinnéar a cheannach dó. Seo rud a scríobh mé cúpla bliain ó shin do LÁ NUA fán chuairt sin. Níl a fhios agam an inseoidh sé rud ar bith duit:

‘Chuir Cumann Chluain Ard cuireadh ar Nioclás a theacht ar chéilí mór na Féile Pádraig an bhliain sin agus iarradh ormsa, ó tharla go raibh aithne agam cheana ar Nioclás, é a chomóradh fud na cathrach an lá sin.

‘Fán dó dhéag ar maidin, thug mé go dtí an Seanteach é, ar Shráid Albert, teach leanna a thaithíodh Gaeilgeoirí an t-am sin. Bhí slua d’fhir na háite, seanfhir is mó, cruinn ann ag ceiliúradh na Féile agus go bhfios dom, ba seo an chéad chuairt riamh a thug Nioclás ar Bhéal Feirste.

‘B’éigean dom é a fhágáil ar feadh chúig bhomaite (le dhul go dtí an leithreas!), rud nár mhian liom a dhéanamh nó ba strainséir san áit é, ach nuair a tháinig mé ar ais, bhí Nic ina sheasamh i lár an urláir ag canadh ‘Bold Robert Emmet’, rud a thaitin go mór leis an slua. D’iarr mé ansin air amhrán Gaeilge a chanadh, dúirt sé go gcanfadh sé ‘Sliabh na mBan’ agus mhínigh mé don chuideachta gur seo cainteoir dúchais Gaeilge as Co Phort Láirge agus go gcanfadh sé amhrán fá ruathar agus léirscrios a thug arm Shasana ar dhíorma beag ceannairceach sa bhliain 1798 nach raibh d’arm acu ach ‘píce agus sleá’, ar Shliabh na mBan taobh amuigh de Chluain Meala i gCo Thiobraid Árann.

‘B’fhéidir gur bhain sé leis an Fhéile Pádraig, ach chonaic mé seandaoine an mhaidin sin agus deora lena súile ag éisteacht le Nioclás. Is ar éigean a bhí focal Gaeilge eatarthu, ach fá chúig bhomaite den teach leanna ina raibh muid, bhí na cumainn Jemmy Hope, Henry Joy Mc Cracken, Michael Dwyer, Michael Davitt, Ó Donnabháin Rosa, agus ní ró-fhada roimhe sin a tharla comóradh céad caoga bliain Éirí Amach 1798.

‘Thóg siad creataí an tí.

‘Ba sin an uair dheireanach a bhfaca mé nó ar labhair mé le Nioclás Tóibín.’

Bhí dúil agam sa duine, bhí sé iontach séimh, múinte, agus é breá sásta amhrán a rá in am ar bith.

Chuir mé aithne air in 1992 i Rinn Ó gCuanach nuair a chuaigh mé féin agus triúr eile as Béal Feirste ar saoire seachtaine ansin. Chonaic mé sna tithe tábhairne é, cé gur duine é nár ól mórán, agus casadh orm deartháir dá chuid, Pádraig, amhránaí – agus dúirt daoine san áit sin liom go mb’fhéidir gurbh fearr an t-amhránaí é Pádraig ná Nioclás – dá bhfaighfeá é nuair a bhí sé bhuidéal ólta aige ach sula raibh ocht mbuidéal ólta aige! Níl a fhios agam – daoine an-chairdiúil a bhí sa bheirt acu.

Bhí mé i ndiaidh bualadh le Nioclás i mBaile Átha Cliath ag an Oireachtas – go mall sna 1950aidí agus roinnt uaireanta sna 60aidí luatha. Is cuimhin liom gur chaith mé oíche ina chuideachta fá 1962 i mBaile Átha Cliath – bhí mise ann, sílim, ag freastal ar chruinniú éigin a bhain le cúrsaí Gaeilge, agus am éigin sa chomhrá thosaigh sé a chanadh roinnt amhrán sa Ghàidhlig! Agus d’aithin mé na hamhráin nó b’amhráin iad a chuala mé ag Calum Kennedy ‘Mo Nighean Donn nam Meallshùilean’, ‘Gad Cuimhneachadh’ . D’fhiafair mé de Nic cá bhfuair sé iad agus dúirt sé liom go raibh múinteoir scoile sa Rinn ar thaitin na hamhráin Ghàidhlig leis – mar seo a dúirt sé é – ‘faigheann sé na hamhráin i nGaelainn na hAlban – agus ansin cuireann sé fíor-Ghaelainn orthu – ‘he translates them into full Irish!’ – I kid you not!.

Buaiteoir Liam Ó Ceallaigh agus gariníon de chuid Sheáin, Maedhbh Nic Aindreasa (Áras Mhic Reachtain, 22ú Feabhra 2020).