Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go mbeidh an fhéile, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar a siúl 17 Iúil – 28 Iúil i mbliana.
Cúrsaí Gaeilge – Ceolchoirmeacha – Cainteanna – Ceardlanna– Neart eile
Beidh an fhéile ag titim amach thar thréimhse coicíse i mbliana arís. Spréifear na himeachtaí uilig thar threimhse choicíse le cúrsaí Gaeilge, ceolchoirmeacha, cainteanna, ceardlanna eagsúla agus neart eile ar fáil.
Cúrsa Gaeilge
Beidh dhá Chúrsa Gaeilge 5 lá do dhaoine fásta ar fáil i mbliana.
Cúrsa A – 17ú – 21ú Iúil
Cúrsa B – 24ú – 28ú Iúil
Beidh ceithre leibhéal ar fáil:
- Bunrang
- Meánrang Íochtarach
- Meánrang Uachtarach
- Ardrang
Beidh ceithre rang ann in aghaidh an lae idir 10am-4pm, Luan go hAoine:
- Rang 1 – 10.00am – 11.00am
- Sos
- Rang 2 – 11.30 – 12.30pm
- Lón
- Rang 3 – 1.30pm – 2.30pm
- Sos
- Rang 4 – 3.00pm – 4.00pm
Beidh costas £50.00 ar sheachtain amháin.
Is féidir clárú agus íoc ar an nasc thíos. Scoil Samhraidh Mhic Reachtain – Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@mhicreachtain.com nó 02890749688.