le buíon cheoil iomlán
Tá oíche ar leith cheoil álainn geallta Dé Sathairn an 25ú Feabhra nuair a bheo-léireoidh Ceara Conway as Conamara agus a buíon cheoil iomlán na n-amhrán ón albam Caoin, i measc amhráin eile.
Dá halbam is déanaí a bhfuil moladh faighte aici ó na léirmheastóirí dó, Caoin, chomhoibrigh an t-amhránaí agus an t-ealaíontóir clúiteach Ceara Conway leis an léiritheoir agus ceoltóir, Seán Mac Erlaine (cláirnéid/ pianó/ ceol leictreonach), le Kevin Murphy (dordveidhil), le ball de chuid Slow Moving Clouds Ultán Ó Briain (vióla/ fidil), agus le Francesco Turrisi (pianó), chun cnúasach amhrán ar an tsean-nós a chruthú don éisteoir/lucht éisteachta, ar cnúasach é a dhíríonn aird ar fhuaimeanna agus ar mhaoithneachas álainn na dúilmhireachta agus na cailliúna, a bhíonn le mothú in amhráin mholta, in amhráin ghrá, agus i suantraithe, ach a dhíríonn go mór mór ar thraidisiún dúchais an chaointe go háirithe.