Cuirtear Ranganna Gaeilge agus réimse imeachtaí ar fáil i rith na bliana. Bíonn Ceardlanna, Ceolchoirmeacha, Cainteanna agus a thuilleadh ag titim amach go rialta. Ar a bharr leis sin bíonn na féilte Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Sean-Nós na Fearsaide agus Éigse Loch Lao ar siúl gach bliain.

 

Bíonn na himeachtaí ar siúl in Áras Mhic Reachtain nó ar line. Coinnigh súil ar an leathanach seo le haghaidh tuilleadh eolais ar na himeachtaí is déanaí.