Home Amhráin Seán Mac Aindreasa

Amhráin Seán Mac Aindreasa

by eoin

Seán Mac Aindreasa

Amhránaíócht agus Amhráin na Gaeltachta

Taobh A

Bonnán agus Draighneán Sean Mac Aindreasa agus Eibhlín Nic Aoidh (1992)

Mo rún geal díleas, díleas, díleas,
Mo rún geal díleas nach till thú nall?
Cha till mi féin leat, a ghaoil, cha ‘n fhaod mi;
‘S ann tha mi, ‘ghaoil, na mo laighe tinn.

Is truagh nach robh mi an riochd na faoilinn
A shnámhadh aotram air bharr nan tonn;
Is bheirinn sgriobag don Eilean Íleach,
Far bheil an ríbhinn dh’fhag m’inntinn trom.

Is truagh nach robh mi ‘s mo rogha ceile
Air mullach shléibhte nam beanntan mór,
‘S gun bhith gar n-éisdeachd ach eóin na speura,
‘S gun tugainn fhéin di na ceudan póg!

Thug mi míos ann am fiabhras claoidhte
Gun dúil rium oidhche gum bithinn beo;
B’e fáth mo smaointean a lá ‘s a dh’oidhche
Gum faighinn faochadh is tu bhi ‘m chóir.

Cha bhi mi strí ris a’ chraoibh nach lúb leam
Ged chinneach úbhlan air bhárr gach géig;
Mo shoraidh slán leat ma rinn thu m’fhágail,
Cha táinig tráigh gun mhuir-lán ‘na déidh.

Ós a bhuinneáin bhuí, is é mo chrá do luí

Is do chnámha sínte ar leaca lom’

Is nach ndearn’ tú díth nó dolaidh sa tír

Is gurbh fhearr leat fíon ná uisce poill.

Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin

Go raibh tú i ngéibheann nó i ndeacair íot’

Oró bhainfinnse béim as Loch Mhic an Éin,

A d’fhliuchfadh do bhéal is do bhrollach síos.

 

Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé a éagaoin

An chuach, an traona ná an chorr bhreac,

Ach an buinneán buí a bhí lán de chroí

Is gur chosúil liom féin a shnó is a dhreach.

Bhíodh sé ag síoról na dí,

Is deir daoine go mbím ar an nós sin seal

Is níl braon dá bhfaighinn nach ligfinn síos

Ar fhaitíos go bhfaighinnse bás den tart.

 

Is é a d’iarr mo stór orm ligean den ól

Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr,

Is é a dúirt mé léi gur chan sí an bhréag

Is gurbh fhaide do mo shaol an braon seo a fháil.

Nach bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh

Go ndeachaigh sé a éag leis an tart ar ball?

Ós a dhaoine cléibh, fliuchaigí bhur mbéal,

Nó ni bhfaighidh sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.

‘Sé deir Colm Cille go hifreann nach dtéid fial,
Lucht an tsairbhris go gceileann siad a bpáirt mhór ar Dhia,
Nach mór an tubaiste d’aon duine a ndearna riamh
Oiread a chruinniú agus ‘ choinneodh as Parthas é.

 

Thréig mé lucht an Bhéarla is búclaí bróg
Thréig mise an méid sin mar gheall ort, a stór,
Mar shúil go mbeinn is tú, a chéadsearc, maidin chiúin cheo
Is muid ag éisteacht le géimneach ag sealbháin bó.

 

D’imigh mé mar a d’imeodh mo lúth agus mo ghné
D’imigh mé mar a d’imeodh fáinní geala an lae
D’imigh mé mar a d’imeodh an sneachta den ghréin
Nó mar a bheinn ar oileán is thiocfadh an tuile orm a bháfadh mé.

 

Go mbreaca mo dhá mhala is go liatha mo cheann,
Chomh geal leis an eala atá ar Shliabh Uí Fhlionn
Go dté mo bhean i dtalamh agus ina dhiaidh sin a clann
Beidh cuimhne agam ort, a ainnir dheas na gciabhfholt donn.

Thíos i dteach an tórraimh chuir mé eolas ar mo chailín donn;

Bhí a grua mar na rósaí is bhí a béilín mar an siúcra donn.

Bhí mil ar bharra géag ann agus céir bheach ar bhun na gcrann,

Is bhí iasc na Finne a’ léimníigh le pléisiúr mar bhí sí ann.

 

Bhí mé lá go ceolmhar ar mo sheol agus mé i gceann an tí

A’ síordhul don cheol is ag cur na mbréag in iúl do ghrá mo chroí.

Ní chreidfeadh sí mo ghlórtha nó shíl sí gur dá mealladh bhínn.

Tá mé óg go leor i gcónaí agus ní phósfaidh mé ach mian mo chroí.

 

Is binn agus is ceolmhar a labhras gach éan i dtom;

Is deas an uile shórt ann is is ródheas mo chailín donn.

Is aici fuair mé eolas ar mhórán is ar thuilleadh grinn,

Is nach deas an rud sú na heorna bheith dá ól agus á teannadh liom.

 

Bhí mé lá breá samhraidh is mé ag labhdaireacht go mór le mnaoi;

Fá bhruach na coille cluanaí is gan dúil agamsa pilleadh choích’.

Má bhí ‘e chinniúint chrua domh do lua liom is gan d’fháil mar mhnaoi,

Seo beannacht an Rí go buan duit is bí ar cuairt agam gach áit á mbím.

Má théid tú chun aonaigh bíodh an chaora leat a holann is a huan,

Má bhíonn tú díomhaoin bíodh do mhian leat ar thosach an tslua,

Ó bí aoibhiúil geanúil caíúil agus molfar as sin thú,

Ní hí an mhaoin a bhéarfas i dtír thú agus ná mealltar léi thú.

 

Óró, a ansacht, cérbh ansa leat fear eile agat ná mé?

Is gur tú an planda beag a shantaigh mé i dtosach mo lae;

Thug mé taitneamh gan amhras duit mar bhí mé óg gan chéill,

Is focal ‘e chaint nach raibh ins an cheann udaigh a mholfadh duit ach mé.

 

Teacht an earraigh ceannód talamh is dhéanfad fáras beag domh féin,

Is beidh mo mhuintir á shíormholadh domh gur críonna a rinne mise é,

Níl ach moladh ar mhná an domhain is beidh bean agam féin,

Ní hí an mhaoin atá mé a shantú ach a cáilíocht is a méin.

 

Óró a chéadsearc, an féidir go gcodlaíonn tú san oích’

An é rud nach léir duit na saighde atá a’ polladh i mo chroí?

Tá ní éigin a mo bhuaireamh is an arraing a mo chloí,

Agus mé ag éisteacht le héanacha na coille ag gabháil a luí.

Taobh B

Fuaireas féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas

Agus céad póg an lá ina dhiaidh sin ó leon na bhfear,

Scalladh cléibh ar an té a déarfadh nach tú mo shearc,

A bhuachaill ghléigil, is breáth’ in Éirinn, is go

n-éalóinnse leat.

 

Agus síleann céad fear gur leo féin mé nuair a ólaim leann.

Ní airím iad nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom.

A choim is míne ná an síoda atá ar Shliabh na mBan Fionn,

Is tá mo ghrása, ó, mar bhláth na n-airní ar an draighneán donn.

 

Is más ag imeacht taoi, beir mo bheannacht leat, is go dté tú slán,

Mar nár imís nó gur bhrisis an croí seo i mo lár.

Níl coite agam go leanfainn tú, long nó bád,

Is go bhfuil an fharraige ina tonnta eadrainn is ní heol dom snámh.

 

Agus a Dhé ghil, cad a dhéanfad má imíonn tú uaim?

Cé a bhéarfaidh eolas chun do thí dhomh má thagaim ar cuairt?

Sneachta síolmhar a bheith dá shíorchur agus mise faoi ghruaim,

Mná na hÉireann ag déanamh géim díom is mo ghrá i bhfad uaim.

 

Ó is mairg a théann ag allagar le crann mór ard

Nuair a d’fhág sé crann íseal a shroichfeadh a lámh,

Mar dá mb’airde é an crann cáorthainn bíonn sé searbh ina lár

Agus fásann úlla agus géaga cumhra ar an chrann is ísle bláth.

Ar chonlach ghlas an fhómhair a stóirín gur dhearc mé uaim,

Ba deas do chos i mbróg is ba ródheas do leagan siúil.

Do grua ar dhath na rósaí is do choirníní ‘ bhí fite dlúth,

Monuar gan sinne ár bpósadh nó ar bord loinge a’ triall chun siúil.

 

Tá buachaillí na háite seo ag gartha ’gus ag éirí teann,

Is lucht na gcocán ard a’ deánamh fárais do mo chailín donn.

Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne thar sáile is a shluaite cruinn,

Bhrúfainn féar is fásach is bheinn ar lámh le mo chailín donn.

 

Is é a chuala mé Dé Domhnaigh, mar chomhrá ag gabháil idir mná,

Go raibh sí ag gabháil dá pósadh le hógfhear dá bhfuil san áit.

A stóirín glac mo chomhairle is an fómhar seo fan mar tá,

Is cha ligim le a bhfuil beo thú, a stóirín, nó is tú mo ghrá.

Fear fréic agus froilic i seomra nó halla,

Is é Dónall na Gréine, ar chuala tú a thréithe?

Chaithfeadh sé seachtain ag ól i dtigh leanna,

Is ná titeadh néal air, b’annamh díth céille air

 

Curfá:

D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé, is dá mbeadh a thuilleadh aige

A chóta is a léine, a chóta is a léine,

Dónall na buile ‘gus Dónall na gloine

‘gus Dónall na Gréine, Dónall na Gréine.

 

Níl aon bhean i gCorcaigh nach raibh leis i gcumann

Cailíní óga, singil is pósta,

Dá mbréagadh is dá mealladh le sé lá na seachtain’

Le bladar is bréaga, eachtraí is scéalta.

 

Curfá:

 

Is táilliúir is is gabha é, is printéir maith leabhar é,

Dónall na gréine, chumfadh sé véarsa,

Bord agus leaba a dhéanfadh go tapa,

Nó bríste breá néata de chraiceann na gcaorach.

 

Curfá:

 

Óró, b’fhada a léim reatha is bá bhreá a bhuille bata,

In aimsir an éigin, sciursálfadh sé céad fear,

A shamhail d’fhear é le Lughaidh Lámhfhada,

Le hAlastair tréanmhar nó Heircealas Gréagach.

 

Curfá:

 

Bíonn Dónall ar meisce is a bhean ag ól uisce,

Is na leanaí ag béicigh, na leanaí ag béicigh,

Bíonn Dónall ar meisce is a bhean ag ól uisce,

Is na páistí ag béicigh, na páistí ag béicigh.

 

Curfá deiridh:

D’ólfadh sé a dtuillfeadh sé is dá mbeadh a thuilleadh aige,

A chóta is a léine, a chóta is léine,

Le méid a mhisnigh ó sháraigh sé a maireann,

Sin agaibh a thréithe, Dónall na Gréine.

 

 

 

 

Cló Iar-Chonnachta (c.2002)

Bun-comhad digiteach ar DB

Féíle Cheol Feirste (Tape) Green Dolphin Studios (28/02/1993)

Éirigh suas, a stóirín, mura bhfuil tú ’do shuí

Foscail an doras agus lig mise ’un tí

Tá buidéal i m’aice bhéarfas deoch do mhnaoi an tí

Agus tá súil agam nach ndiúltaíonn sí mé fána níon.

 

Nuair a éirím amach ar maidin agus dhearcaim uaim

Is dhearcaim ar a’ bhaile úd a bhfuil agam le dhul ann.

Ó titeann na deora ’na sroite liom síos

Agus nímse míle osna bíos cosúil le cumhaidh.

 

I ngleanntán na coille beothorraí is lag tuirseach a bhím

Ó Dhomhnach go Domhnach is mé ag caitheamh mo shaoil.

Is me a’ feitheamh ’ach tráthnóna cé rachadh an ród nó thiocfadh ’un tí

Is gan aon ní ar an domhan mhór a thógfadh mo chroí.

 

Is nach aoibhinn don éanlaith a éiríos gach lá

Is a luíos arís ar an aon chraobh amháin.

Ní hé sin dom féin is do mo chéad míle grá

Is i bhfad i bhfad ó chéile bíos ár n-éirí gach lá.

ITMA Tape (Amhráin Ghaeilge Cumann Chluain Ard, Meitheamh 1990)

Curfá:

Cailín mo rúinsa, is leannán mo ghráidh,

Ainnir mo chridhese, is í cuspair mo dháin.

Thá m’intinn lán sóláis bhith tilleadh gun dáil,

Go cailín mo rúinsa is leannán mo ghráidh.

 

Ó chuir mi eolas ar leannán mo ghráidh,

Is a rinn mise suas ri sa ghleannán go hard;

A grua thá chomh haoibheil, lán gein agus báidh,

Nach mise bíos cianeil mar faigh mi a lámh.

 

Curfá:

 

Bha mise lán aoibhnis nuair fhuair mi an cheud phóg,

Bhon chaileag ghrinn uasal tha aighearach óg;

Is é mo mhian is mo dhúrachd chomh fad is bíos mi beo,

Bhith póst’ ris an ghruagaich tha suairc agus cóir.

 

Curfá:

Thíos i lár an ghleanna, tráthnóna beag aréir;

Is an drúcht ina dheora geala ina luí ar bharr an fhéir;

Is ea a casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis is pearsa,

Is í a sheol mo stuaim chun seachráin, tráthnóna beag aréir.

 

Curfá:

Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ag gabháil síos an gleann aréir,

Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir.

Ó a rún mo chléibh nár mhilis ár súgradh croí is nár ghairid,

Ó is Rí na Glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.

 

Do chiabhfholt fáinneach frasach, do mhalaí bhán is do dhéad;

Do chaolchoim álainn mhaiseach is glórtha caoin’ do bhéil;

Do bhráid mar chlúmh na heala, do shúil mar réalt na mara,

Is faraor gur dhual dúinn scaradh, tráthnóna beag aréir.

 

Curfá:

 

Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh agus labhairt le stór mo chléibh;

Nó dá bhfaighinnse bua ar chinniúint char mhiste liom fán tsaol.

Shiúlfainn leat fríd chanach, is fríd mhéilte chiumhais na mara

Agus dúiche Dé dá gcaillfinn go bpógfainnse do bhéal.

 

Curfá:

Dá mbeinn féin in Aird an Chumhaing

In aice an tsléibhe úd atá i bhfad uaim

B’annamh liom gan dul ar cuairt

Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh.

 

Curfá:

Agus och, och Éire ’lig is ó,

Éire lean dom gus ó,

Is é mo chroí atá trom is brónach.

 

Is iomaí Nollaig a bhí mé féin,

I mBun Abhann Doinne is mé gan chéill

Ag iomáin ar an Trá Bhán

Is mo chamán bán i mo dhorn liom.

 

Curfá:

 

Nach tuirseach mise anseo liom féin,

Nach n-airím guth coiligh, lon dubh ná traon,

Gealbhan, smólach, naoscach féin,

Is chan aithním féin an Domhnach.

 

Curfá:

 

Nach seo an choraíocht atá buan

Is ar an tsaol a chuirfeadh sí cluain;

Mheall sí an chaora ón uan

Agus mheall sí uaim an óige.

 

Curfá:

 

Da mbeadh agam coite is rámh

Le go n-iomairfinn leis an tsnámh,

Ag dúil le Dia go sroichfinn slán

Is go bhfaighinnse bás in Éirinn.

Is é fáth mo bhuartha nach bhfaighim cead cuarta

Sa ghleanntán uaigneach mar a mbíonn mo ghrá;

Bíonn mil ar luachair ann agus im ar uachtar

Is go tús an fhuachta a bíos na crainn faoi bhláth.

Níl gaoth aduaidh ann, níl sneachta crua ann

Tá caladh is cuan ann ag loing agus ag bád

Is mar thuilleadh bua air níl turas cruaiche ann

Té a dhéanfadh suas lena mhuirnín bán.

 

Neos shíl mé a stóirín mar bhí tú óg deas,

Go ndéanfá foghlaim ar éalú liom.

Is nach mbíonn tráthnóna ná maidin fhómhair,

Nach tú an réalt eolais a bhí ag gabháil romham.

Ach ag siúl na móinte is na coillte cnómhar

Ní bheadh orm brón ná duifean croí,

Ach mé bheith pósta ar mo mhíle stóirín

Is mo lámh go bródúil ar a brollach mín.

Seán Mac Aindreasa - Caomhnóir amhrán

Amhránaíócht agus Amhráin na Gaeltachta

Ba amhránaí traidisiúnta de bhunadh Bhéal Feirste é Seán Mac Aindreasa. Duine umhal a bhí ar maos an dúchais, gníomhaí teanga agus caomhnóir amhrán a bhí ann fosta. Bhí dlúthbhaint aige le gluaiseacht na Gaeilge agus le cur chun cinn na teanga i mBéal Feirste ó bhí na caogaidí ann, ar aghaidh.

Duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe a bhí i Seán, agus thóg eisean agus a bhean, Áine, a gclann féin i dtimpeallacht shaibhir na Gaeltachta nua uirbí sin, i measc gníomhaí eile teanga a raibh an meon céanna acu. Agus an aisling sin á fíorú ag na ceannródaithe úd, bhí, fosta, ról lárnach ag Seán i mbunadh na chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sna sé chontae, Bunscoil Phobal Feirste sa bhliain 1971[1].

Rugadh Seán sa bhliain 1940 agus tógadh é in áit ar tugadh The Loney mar ainm ceana air, ceantar de chuid íochtar na bhFál a bhí ann. Ba ar scoil a chur sé suim sa Ghaeilge de chéad uair. Nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois, thosaigh sé ag freastal ar ranganna Gaeilge san oíche, den mhórchuid i gCumann Chluain Árd, agus diaidh ar ndiaidh, d’fhreastalódh sé ar choláistí  samhraidh sa Gaeltacht achan bhliain.

Chaith Seán go leor ama i nGaeltacht Thir Chonaill ag éisteacht le hamhránaithe áitiúla agus ag forbairt chuid mhór nascanna cheoil ansin. D’éirigh sé féin agus a bhean, Áine, iontach mór leis an an tseanchaí agus file pobail, Seán Bán Mac Grianna. Tá tionchar agus rian na n-amhránaithe Conallach le sonrú agus le cluinstin i stíl amhránaíochta Sheáin Mhic Aindreasa féin, go háirithe; Seán Bán, Aodh Ó Duibheannaigh, Micí Sheáin Néill Ó Baoill agus Neidí Frainc Mac Grianna, Ina dteannta siúd áfach, d’éistfeadh sé le hamhránaithe as achan chearn den tír, mar shampla; Seosamh Ó hÉanaigh, Nioclás Tóibín, Darach Ó Catháin, Liam Aghas, Pádraig Ó Cuill, agus Dara Bán Mac Donnchadha.

Ócáidí móra a bheadh iontu nuair a thabharfadh coiste Chumann Chluain Árd cuireadh dá léithéidi Seosamh Ó hÉanaigh agus Nioclás Tóibín teacht go Béal Feirste le ceolchoirm a thabhairt, agus d’aithinsíodh Seán féin go leor scéaltaí faoi eachtraí na cúirteanna sin dá chlann.

I dtaca le Bunsoil Phobal  Feirste de, ghníomhaigh Seán go dícheallach ar son na scoile ó bhliain a bunaithe ar aghaidh, ag tabhairt a chuid tacaíochta fríd crua-bhlianta an naimhdis pholaitiúil i leith na Gaeilge. Sa tréimhse úd sula raibh aitheantas oifigiúil tugtha ón rialtas don scoil, Chuidíodh sé le heagrú imeachtaí le hairgead a thiomsú ar a son. Bhí Seán agus Áine an-tiománta don Ghaeilge agus don scoil, nó, ní mór a lua go raibh Áine ar dhuine de na chéad mhúinteoirí ar Bhunscoil Phobal Feirste.

Caomhnóir amhrán, gníomhaí teanga, teagascóir, fear pobail, agus Gael go smior a bhí i Seán. Deirtear go raibh sé ar dhuine de na Gaeilgeoirí ba líofa, nó, ba chumasaí i mBéal Feirste lena linn.  Aithnítear é mar shaineolaí ar amhránaíocht dúchasach na hÉireann, ach, fosta, mar dhuine nach raibh riamh mórtasach as na héachtaí a rinne sé féin. In 2020,  d’ainmnigh Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain comórtas amhránaíochta de chuid Sheán-Nós na Fearsaide in ómós dó, Corn Cuimhneacháin Sheáin Mhic Aindreasa.

(Verena Commins 2011, arna chur in eagar in 2021).

[1] Go mall sna 1960í tháinig grúpa teaghlach, a raibh Gaeilge acu, le chéile chun Gaeltacht uirbeach a bhunú ar Bhóthar Seoighe. Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste i 1971 le 9 bpáiste. Cuireadh tús le naíscoil lán aimseartha in 1978 agus céim ollmhór a bhí ann i stair na scoile sa mhéid is go raibh teaghlaigh in inmhe páistí a chlárú sa Ghaelscolaíocht. Obair dheonach agus tiomsú airgid a choinnigh an scoil beo ar feadh na chéad trí bliana déag.(féach: https://www.bunscoilphobalfeirste.com/).

An Tionscadal

Content missing?

Ranganna

We need to decide on which ones?

X