Lonnaithe i dTuaisceart Bhéal Feirste, bíonn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl in Áras Mhic Reachtain gach bliain, an tseachtain deireanach do mhí Iúil.

Is ócáid ríthábhachtach í Scoil Samhraidh Mhic Reachtain mar chuid lárnach de fhéilire shóisialta agus chultúrtha Bhéal Feirste. Níor cheart na buntáistí a bhaineann leis an Ghaeilge thuaidh agus theas a mheas faoina luach. Meallann an Scoil Samhraidh daoine ó gach cearn den tír agus ar fud an domhain.

Le linn na seachtaine, bíonn thart ar 3,000 duine páirteach sna himeachtaí, ranganna Gaeilge, ceardlanna amhránaíochta chomh maith leis na réimse leathan ceolchoirmneacha atá ar fáil sna tráthnónta.

Is féile den scoth í Scoil Samhraidh Mhic Reachtain atá ar an tsaol le 17 bliain anuas.

Ná caill í!

X