Home Ceol PORT A’ tSAOIL:

PORT A’ tSAOIL:

TIONSCADAL KATE BUSH

by eoin

PORT A’ TSAOIL

TIONSCADAL KATE BUSH 

Aoine 21|07|2023

Doirse: 8:00in

Mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain

PORT A’ tSAOIL: TIONSCADAL KATE BUSH

Níl éinne inchurtha le Kate Bush mar ealaíontóir. Fitear rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre go han-éifeachtach ar fad sa saothar aici. Baineann drámatúlacht thar na bearta lena liricí agus í ag tarrac go tuisceanach as réimse leathan d’fhoinsí liteartha agus cineamatagrafacha, téamaí a bhaineann leis an óige, an grá, an bás, cogadh agus miotaseolaíocht. Ón gcéad singil sin aici ‘Wuthering Heights’ go dtí an pop barócach in ‘Babooshka’ is an paisean tnúthánach in ‘Running up the Hill’ tá dúshlán agus aoibhneas dodhearmadta iontu go léir.

Don léiriú faoi leith seo mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain beidh Caitríona O’Leary againn – a bhfuil ‘guth neamhshaolta an aingil aici’, dar le Crescendo Magazine –  chun scoth na n-amhrán le Kate Bush a chanadh dúinn. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i nGaeilge. Ina gcuideachta beidh Nick Roth (méarchlár), Adrian Hart (fidil), Éamonn Galldubh (fliút, feadóga, píobaí uilleann), David Redmond (olldord) agus Dylan Lynch  (drumaí). Beidh liricí na n-amhrán agus íomhánna de Kate Bush cruthaithe ag Margaret Lonergan a theilgean ar scáileán mór i rith an tseó. Arna léiriú ag Liam Carson, IMRAM Féile Litríochta Gaeilge.

Related Articles