Home Ceol Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2023

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2023

Cúrsaí Gaeilge – Ceolchoirmeacha – Cainteanna – Ceardlanna– Neart eile

by eoin

Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go mbeidh an fhéile, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar a siúl 17 Iúil – 28 Iúil i mbliana.

Cúrsaí Gaeilge – Ceolchoirmeacha – Cainteanna – Ceardlanna– Neart eile

Beidh an fhéile ag titim amach thar thréimhse coicíse i mbliana arís. Spréifear na himeachtaí uilig thar threimhse choicíse le cúrsaí Gaeilge, ceolchoirmeacha, cainteanna, ceardlanna eagsúla agus neart eile ar fáil.

Cúrsa Gaeilge

Beidh dhá Chúrsa Gaeilge 5 lá do dhaoine fásta ar fáil i mbliana.  

Cúrsa A – 17ú – 21ú Iúil                  

Cúrsa B – 24ú – 28ú Iúil 

Beidh ceithre leibhéal ar fáil:

  • Bunrang
  • Meánrang Íochtarach
  • Meánrang Uachtarach
  • Ardrang

Beidh ceithre rang ann in aghaidh an lae idir 10am-4pm, Luan go hAoine:

  • Rang 1 – 10.00am – 11.00am
  • Sos
  • Rang 2 – 11.30 – 12.30pm
  • Lón
  • Rang 3 – 1.30pm – 2.30pm
  • Sos
  • Rang 4 – 3.00pm – 4.00pm

Beidh costas £50.00 ar sheachtain amháin.

Is féidir clárú agus íoc ar an nasc thíos. Scoil Samhraidh Mhic Reachtain – Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@mhicreachtain.com nó 02890749688.

Related Articles