Home Ceol Ceara Conway

Ceara Conway

Satharn an 25 Feabhra

by eoin

Satharn an 25 Feabhra

7:45pm

mar chuid de Shean-Nós na Fearsaide

Ceara Conway
le buíon cheoil iomlán

Tá oíche ar leith cheoil álainn geallta Dé Sathairn an 25ú Feabhra nuair a bheo-léireoidh Ceara Conway as Conamara agus a buíon cheoil iomlán na n-amhrán ón albam Caoin, i measc amhráin eile. 

Dá halbam is déanaí a bhfuil moladh faighte aici ó na léirmheastóirí dó, Caoin, chomhoibrigh an t-amhránaí agus an t-ealaíontóir clúiteach Ceara Conway leis an léiritheoir agus ceoltóir, Seán Mac Erlaine (cláirnéid/ pianó/ ceol leictreonach), le Kevin Murphy (dordveidhil), le ball de chuid Slow Moving Clouds Ultán Ó Briain (vióla/ fidil), agus le Francesco Turrisi (pianó), chun cnúasach amhrán ar an tsean-nós a chruthú don éisteoir/lucht éisteachta, ar cnúasach é a dhíríonn aird ar fhuaimeanna agus ar mhaoithneachas álainn na dúilmhireachta agus na cailliúna, a bhíonn le mothú in amhráin mholta, in amhráin ghrá, agus i suantraithe, ach a dhíríonn go mór mór ar thraidisiún dúchais an chaointe go háirithe.  

Ticéid £15

(a chuimsíonn saorchead isteach chuig Oíche Airneáil Shean-Nós na Fearsaide).

Related Articles