Home Ceol SEOLADH ALBAIM FÁILTE ISTEACH IMLÉ le RÓISÍN SEOIGHE

SEOLADH ALBAIM FÁILTE ISTEACH IMLÉ le RÓISÍN SEOIGHE

by eoin

Dé hAoine 14.10.2022

8:30in

SEOLADH ALBAIM FÁILTE ISTEACH

IMLÉ

le RÓISÍN SEOIGHE

mar chuid d’ Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste 60

Trip-hop, rac-cheol, ceol leictreonach, indie agus damhsa á léiriú trí Ghaeilge ag grúpa de na buíon cheoil is nuálaí in Éirinn.

Is buíon cheoltóirí faoi stiúir an cheoltóra agus léiritheora Cian MacCárthaigh IMLÉ agus bíonn ceoltóirí éagsúla ag casadh agus ag taifeadadh leo an t-am ar fad. Bíonn sé i gcónaí de rún acu stíleanna éagsúla ceoil a mheascadh lena chéile agus rudaí éagsúla nuálacha a léiriú trí Ghaeilge.

Tá an dara albam dá gcuid dar teideal FÁILTE ISTEACH ar fail anois. Ar FÁILTE ISTEACH tá ionchur MC Muipéad, Cian Mac Cárthaigh agus roinnt mhaith ceoltóirí úra le cluinstin ann, ina measc – Ríona Sally Hartman, Róisín Seoighe, Fergal Moloney agus Dave Hingerty. Rinne Karl Odlum agus Ross Whyte athmheascadh ar cúpla amhrán dá chuid fosta. Is iad Cian Mac Cárthaigh, Róisín Seoighe agus Ríona Sally Hartman a bheas ar an stáitse ar an 14ú Deireadh Fómhair ag casadh ceoil de chuid IMLÉ.

Tacaíocht le SÚIL AMHÁIN

Is ionann SÚIL AMHÁIN agus an file agus rapadóir tréitheach Ciarraíoch Séamus Barra Ó Súilleabháin, a radann liricí géarchúiseacha go spreagúil don lucht éisteachta, agus ceirneoir a dhéanann buillí hip-hop leictreonacha.

TICÉID £12.50 ar fáil leis an nasc a leanas:

https://belfastinternationalartsfestival.com/event/imle-le-roisin-seoighe/

Related Articles