Cumann Cultúrtha Mhic Reahtain
Áras Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, BT15
Fógra Poist
Tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Príomhionad na Gaeilge i mBéal Feirste Thuaidh, ag lorg
OIFIGEACH FORBARTHA STRAITÉISE
Tuarastal £28,706, – £29,307 sa bhliain, ag bráth ar thaithí agus cháilíochtaí
Is den riachtanas é go mbeidh ag iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh, cáilíocht tríú leibheál, taithí trí bliana, ar a laghad a bheith ag obair le pobal na Gaeilge, taithí cuí ar fhorbairt straitéisí agus taithí a bheith ag plé le maoinitheoirí chun maoiniú a mhealladh, go háirithe maoiniú chaipitil.
Le cois air sin, táthar ar lorg daoine fuinniúla, samhlaíochta a bheith in ann obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann chomh maith.
Iarrtar ar iarrthóirí ar spéis leo sa phost seo iarratas a iarraidh ó Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain trí ríomhphost eolas@mhicreachtain.com agus seolfar foirm iarratais chugat.
Dáta deiridh le haghaidh iarratais: Déardaoin 30 Meitheamh 2022.
Beidh agallaimh ann don phost ar an Mháirt 5 Iúil 2022
Mairfidh an post seo trí bliana
Is mian le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain buíochas a ghabháil leis an Rank Foundation as ucht maoiniú a chur ar fáil don phost seo.
Is fostóir comhdheiseanna é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain