Tá áthas an domhain orainn a fhógairt go mbeidh an fhéile, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar ais in Áras Mhic Reachtain i mbliana.
Bhí an fhéile ar siúl ar líne amháin le dhá bhliain anuas ach beidh an Cúrsa Gaeilge agus na himeachtaí uilig ar ais go fisiciúil in Áras Mhic Reachtain i mbliana.
Ina theannta sin, beidh an fhéile ag titim amach thar thréimhse coicíse i mbliana. Spréifear na himeachtaí uilig thar threimhse choicíse le cúrsa Gaeilge, ceolchoirmeacha, cainteanna, ceardlanna eagsúla agus neart eile ar fáil.
Cúrsa Gaeilge
Beidh dhá Chúrsa Gaeilge ar fáil i mbliana. Seachtain 1 – 18ú – 22ú Iúil Seachtain 2 – 25ú – 29ú Iúil Beidh ceithre leibhéal ar fáil:- Bunrang
- Meánrang Íoctarach
- Meánrang Uachtarach
- Ardrang
- Rang 1 10.00am – 11.00am
- Sos
- Rang 2 – 11.30 – 12.30pm
- Lón
- Rang 3 – 1.30pm – 2.30pm
- Sos
- Rang 4 – 3.00pm – 4.00pm