465
INNI-K
(ar camchuairt do sheoladh albaim, ‘Iníon’ – ‘Iníon’ album launch tour)
ÉANNA Ó CRÓINÍN
(seoladh albaim ‘Píobaireacht na Mí’)
mar chuid d’Fhéile Ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise |
as part of The Cathedral Quarter Arts Festival CQAF
Inni-K
Lena halbam úr d’amhráin athchóirithe sean-nóis, ‘Iníon’, leagann Inni-K amach roimpi -in éineacht lena leathbhádóirí- , na seoda riachtanacha seo a athchluinstin, agus déanann sí, dá thairbhe seo, eispéireas nuálach, misniúil, comhaimseartha den amhrán sean-nóis a chruthú don éisteoir.
“Duine de na healaíontóirí is spreagúla in Éirinn” – Irish Times
Éanna Ó Cróinín
Tógadh Éanna Ó Cróinín i gceartlár Ghaeltacht Ráth Chairn, i gContae na Mí, sáite i gcultúr saibhre gaelach na háite siúd, i measc amhránaithe agus damhsoirí sean-nóis, scéalaithe agus ceoltóirí na Gaeltachta. Is iomaí duais a bhí bronnta ar Éanna thar na blianta mar gheall ar a chuid ceoil. Foilsíodh an taighde s’aige ar phíobaireacht agus ar phíobairí de chuid Chontae na Mí mar chuid de leabhar ar thraidisiún ceoil na Mí, Traditional Music and Song in County Meath.



