Home Nuacht Litir foilsithe ar Facebook

Litir foilsithe ar Facebook

by eoin

 A Aire Catherine Martin TD / A Aire Carál Ní Chuilín, 

I bhfianaise thorthaí an bhuiséid ó dheas dár dáta, an Mháirt 13 Deireadh Fómhair, agus an méid a dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD,” [go] mbeidh mo Roinn in ann níos mó airgid a dháileadh ar na heagraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú ar son na teanga”, creideann Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain nach mór d’Fhoras na Gaeilge gealladh cinnte agus soiliéiriú a thabhairt go ndéanfar beart de réir briathair agus go dtabharfar a bhfuil geallta agus tuillte d’eagraíochtaí agus d’ionaid Ghaeilge, atá ag feidhmiú ar son na teanga ar leibhéal an phobail. 

I dtaca leis an chomhoibriú trasteorann go háirithe, is eol go gcuireadh maoiniú breise os cionn €1.779m ar fáil don chomhoibriú san earnáil teangacha thuaidh theas, rud a chinnteoidh go mbeidh an chéad mhéadú maoinithe ag an Fhoras Teanga ó 2016. De réir phreasráitis An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán1, maítear,” [go] gcuirfear ar chumas Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise cur lena gcláir teanga agus chultúir i leith réimsí nua agus maoiniú a mhéadú, nuair is cuí, do ghrúpaí teanga reatha.” 

Aithnítear go bhfuil Scéim Pobal Gaeilge (S.P.G.) agus ‘an cúigiú lá’ idir chamáin i láthair na huaire agus tá súil againn uilig go mbainfear mianta an phobail amach i dtaca leis sin. Mar bharr ar a bhfuil iomlán tuillte ag na hoifigigh mar chuid de S.P.G., tá, fosta, a leithéid de scéim na n-ionad de dhíth díreach le cinntiú go mbeidh siad slán uaidh seo amach. Ní ceist rud amháin nó rud eile atá anseo nó chuirfeadh an dá rud nach beag le forbairt agus le cur chun cinn na Gaeilge ar leibhéal an phobail. 

Chuige sin, tá sé de dhualgas ar Fhoras na Gaeilge agus riachtanach acu freastal ar na heagraíochtaí agus ionaid Ghaeilge chun leas fhorbairt staitéiseach na Gaeilge. Sin an rud is forbairt straitéiseach ann nó níl aon ní níos straitéisí ná bheith ag déanamh cinnte de go bhfuil pobal Gaeilge ann ar an chead dul síos. Ní mór d’Fhoras na Gaeilge an tacaíocht atá geallta agus tuillte ag na hionaid agus eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh a dháileadh go cothrom d’fhonn pobal na Gaeilge ó thuaidh a shlánú, a fhorbairt agus a neartú. 

Is eol go bpléifear an leithdháileadh idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus an Roinn Pobal roimh dheireadh na seachtaine seo (dar tús 23/11/20) agus ní foláir go mbeidh cás na n-eagraíochtaí agus na n-ionad Gaeilge ina cheist mhór mar chuid den chíoradh sin. Iarraimid ar an Aire Catherine Martin TD, ar Aire Carál Ní Chuilín agus ar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go ndáilfear an t-airgead breise sin ar leibhéal an phobail féin in áit ar thionscadail mhóra mhórtásacha. 

Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain 

Related Articles