Home Nuacht LE CHÉILE SA TEANGA

LE CHÉILE SA TEANGA

by eoin

Is trua linn é nach bhfuil ceol á bhualadh agus amhráin á gceol in Áras Mhic Reachtain ar na saolta seo ach tá muid go fóill ag gabháil linn agus ag cur na n-ealaíon dúchasach agus teangabhunaithe ar aghaidh agus chun cinn.
Bígí ag fáire amach ar na meáin shóisialta le haghaidh léirithe scéalaíochta, amhránaíochta agus ceoil á gcur inár láthair go fláithiúil ag ealaíontóirí tréitheacha de chuid Bhéal Feirste agus na gceantar Gaeltachta. Tá muid go léir go mór faoi chomaoin acu ar fad.
Go nuige go raibh muid i gcuideachta a chéile arís faoi dhíon an Árais, agus don tséasúr atá ann, seo agaibh píosa a chur ealaíontóirí de chuid an Árais le chéile le déanaí, Cleamairí Feirste, i gcomhar le Bayview Media. Suígí siar agus bainigí sult as.
Cuireann muid fáilte roimh ár sinsir.
Cuireann muid fáilte roimh an tSamhain.
Beannachtaí na Samhna oraibh a chairde.
LE CHÉILE SA TEANGA

Related Articles