Home Nuacht comórtas scéalaíochta na n-óg

comórtas scéalaíochta na n-óg

by eoin
https://www.facebook.com/cumannmhicreachtain/videos/387868002576744

Cothrom an lae inniu seo a bheag nó a mhór, 40 bliain ó shin bhain Bríd Anna Ní Bhaoill comórtas scéalaíochta na n-óg ag Oireachtas na Samhna na bliana sin a bhí faoi lán seoil i nGaoth Dobhair. Ba é an scéal áirithe seo, ‘Spéirbhean Inis Duain’ á aithris aici daoibhse anseo a d’aithris sí 40 bliain ó shin. Bhí an lámh in uachtar aici an lá sin agus ina teannta d’éirigh le beirt eile de mhuintir Rann na Feirste an dara agus an tríú háit a bhaint, nó Suzanne Uí Ghallachóir is Maighréad Treasa Ní Dhonaill. Bainigí sult as seo a chairde.

Related Articles

Leave a Comment

X