Mura bhfuil tú eolach ar an leagan amach bíonn ceithre cheacht uair a chloig ar siúl d’fhoghlaimeoirí fásta ó Luan go hAoine (cúig leibhéal ar fáil; Bunrang, Bunrang 1, Meánrang íochtarach, Meánrang uachtarach agus Ardrang) agus ceol traidisiúnta le cluinstin i rith na sosanna.
Moltar spás le haghaidh an chúrsa Gaeilge a chur in áirithe go luath. Is féidir sin a dhéanamh ar an nasc seo a leanas; https://www.eventbrite.co.uk/e/scoil-samhraidh-mhic-reachtain-2018-mccracken-summer-school-2018-tickets-43657998248
Beidh do rogha agat páirt a ghlacadh sna ceardlanna amhránaíochta le Doimnic Mac Giolla Bhríde sna trathnónta ina mbíonn dhá cheardlann uair a chloig ar fáil achan lá (le sos eatarthu) idir 1.30in – 4in, nó fanacht i do rangsa Gaeilge. I mbliana, cuirfear fáilte roimh Ghearóid & Phádraig Ó Dubháin (Devane Brothers) Deardaoin 26ú agus Dé hAoine 27ú a bheas ag tógáíl ceardlanna damhsa ar an tsean-nós óna 4 ó chlog.
IMEACHTAÍ
Domhnach 22 Iúil, 10rn: Siúlóid ar Bheann Mhadagáin le treoraí Cormac Ó hÁdhmaill (‘Ar Scáth na Sleibhte’, ‘Ulaidh Faoi Thalamh‘ BBC2)
Luan 23 Iúil 9in: IMRAM | Tionscadal Cohen le; Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow & The Brad Pitt Light Orchestra (Visuals: Margaret Lonergan)
Máirt 24 Iúil, 9in: Scannán – ‘Murdair Mhám Trasna’
Céadaoin 25 Iúil, 7in: Oíche na Scríobhaithe le Liam Mac Cóil (‘An Litir’, ‘I dTír Strainséartha’, ‘An Dochtúir Áthas’, ‘An Choill’, ‘Fontenoy’) & le Seán Mac Mathúna (‘Crois na Sceilge’, ‘Gealach‘)
9in: An Cabaret Craiceáilte le Rónán Mac Aodha Bhuí agus le haíonna speisialta
Déardaoin 26 Iúil, 9in: Beirt Phíobairí, Beirt Scéalaithe (Cormac ‘Buzz’ Ó Briain & Aodán ‘Jaff’ Mac Séafraidh) & Los Dramáticos
Aoine 27 Iúil, 9:30in: Oíche Airneáil le Diane Ní Channáin, Bríd Ní Mhaoilchiaráin (buaiteoir, Corn Uí Riada 2015), Gearóid & Pádraig Ó Dubháin agus le haíonna speisialta eile le fógairt
Satharn 28 Iúil, 3in: Ceardlann & Taispeántás Damhsa Seit ag Dún Mhic Airt
9in: Danú le tacaíocht, Glór na dTonn
Níl ticéid ar fáil d’achan imeacht thuas luaite go fóill, ach cuid acu ar an nasc seo a leanas; https://www.eventbrite.co.uk/o/cumann-culturtha-mhic-reachtain-imeachtai-2018-12746434810?utm_content=buffer5ae1a&utm_medium=social&utm_source=facebook.com&utm_campaign=buffer